Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-amhrán ó'n Mumhain - Faithche Bhreágh Aorach an Cheoil.

Title
Sean-amhrán ó'n Mumhain - Faithche Bhreágh Aorach an Cheoil.
Author(s)
Ó Buachalla, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 21


SEAN-AMHRAN Ó'N MUMHAIN.



Tá beagán de sean-abhráin agam do ghlan-
mheabhair agus ní fheaca fós scríobhtha i n-aon-
leabhar iad. Ba mhór an truagh iad a
chailleamhaint - is ceann aca so leanas: -



FAITHCHE BHREÁGH AORACH AN CHEOIL.



Mac Mhuire geal na ngrás d'ár dtabhairt
slán ins an méid sin,
Ó thárlamair i gcéin seal sa' bhall,
Mar a mbíonn rás as gach áit orainn 's na
mná linn go taodmhar,
Gan faeseamh, gan daonnacht, gan ghreann;
Rachamaoid do'n stáir sin go Clár geal na
Mumhan
Mar a labharthaidh na mná linn, is gáirfid le
fonn
S cead comhráidh lem' cháirde gaoil nuair
thráchtam 'san úr-ghlais
Ar faithche bhreágh aorach a' cheoil.



Mo shlán ar fad chum mná 'gus fear 'san
áitreabh sain timcheall
Ó fhágann sé an Gaortha go Laoi,
'S mo shlán chum mo cháirde ná feicim féin
ar aon chor
'S mo shlán chum an méid úd san chill;
Mo shlán chum na habhann gan cham gan
filleadh,
'S mo shlán chum na Banndan, is 'mdha
reamhar-bhreac innte,
Mo shlán chum an teampuillín úd Árda na
Cuilce,
Is mo chéad slán chum gach stád-bhruinneall
óg.



Bíonn an pluma dubh 's an táirne go hárd
ar na craobhaibh -
Is ubhla buidhe 'na slaod ann gan bheann,
An chuaichín is suairce a bhíonn nuair chuar-
duigheann gach aon bhall
'S a fuaim bíonn go haorach sa ghleann;
Bíonn an druide agus an seabhac ar bhárr gach
bile,
An fiolar 's an creabhar ar an gcrann 'na
choinnibh,
An smólach bhinn a' labhairt ann gach am le
bárr binnis
Ar faithche bhreagh aorach a' cheóil.



Is ró-bhreagh í Bhéanas 'nuair a théidheann sí
chum suidhe,
Bíonn lonnradh agus soillse 'na clódh,
Agus saothar na naomh ngeal do deineadh
'san oidhche,
Gan stáitse, gan bínse, gan bórd;
Na cuirp 'nuair thigid i gcóir a gcortha
Bíonn a bpeacaidhe sgartha sgartha leó,
Agus daill go bhfeicid frighid a phiucadh tar
éis a dturuis ann
Bíonn maidí croiche raobtha briste is ró-
bhreagh ruithfid stang
Ar faithche bhreagh aorach a' cheoil.



Bíonn an rás ann 's an fiadhach ann, 's an
fiadh buidhe aca ar saothar,
Is sínid go tréanmhar 'na dheóidh,
Tré choillte, tré dhroigheanta, tré aibhne 's
tré shléibhte,
Go bhfúigid é ar thaobh cnuic go fann;
Is aoibhinn fear a' rinnce go hintinneach leó,
Agus imrid báire go sásta ar a gcóir,
Is taithneamhach liom gach cúilfhionn deas óg,
Ar faithche bhreagh aorach a' cheóil.



Ní fheadar cé chan an t-amhrán so, acht
deirthear, gur do thúr bheag bheannuighthe, atá


L. 22


i roilig Chinneich, timcheall naoi míle ó'n
nDroichead, do deineadh é.



Is beól-oideas i measg na ndaoine 'san
gceanntar so gur dhein na haingil an túr
so 'san oidhche, agus nár bhfios cad é an aoirde
bheidheadh sé, muna mbeidheadh bean áirighthe
do chonnaic an obair ar siubhal, agus annsain
do stop sí.



MICHEÁL Ó BUACHALLA.
Droichead na Banndan.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services