Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul Beag

Title
Sgeul Beag
Author(s)
Conchúbhar,
Pen Name
Conchúbhar
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgeul Beag



Bhí fear ag siubhal ar an sliabh lá te agus tháinig tart
mór air. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d'iarr sé deoch
uisge.



"An ólfá deoch de bhainne géar?" arsa bean a' tigh.



"Go raibh maith agat" ar seisean, "is maith dhom é
d'fhágháil."



Thug an bhean lán naigín móir de'n bhainne ghéar do
as an chuinneóig agus d'ól sé sgluig as. Bhí blas gránda
air agus leig sé an naigín uaidh ar an mbórd.



"Ca' tuige nach n-ólann tú é?" ars' an bhean. "Tá
sé úr friseáilte. Is indé a buaileadh buille air".



"Is indiu a thuill sé é", ar seisean agus ghlan sé leis.



Conchúbhar

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services