Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Riobárd Bheldon no Balaton.

Title
Filidheacht. Riobárd Bheldon no Balaton.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 170


RIOBÁRD BHELDON NO BALATON, cct.



A chumainn 'sa stóir, cuirim gan gó
Líne no dhó agus cáirt chughat
Ar son an am' fad ó 'nuair bhíomair óg
A's gheibhinn uait cuiread 'gus fáilte.
B'fheárr liom ná ór bheith agam mar stór,
Ná cuirfinn riamh speóis id' ráidhte,
'Nuair bhrosdaigh an tóir bhog tú an ród
Agus d'fág tú mise ar a' bh'fáithchim,
Dubhairt tú go minic, a chúil na finne,
Fá'n Chrann Chuilinn a's mé láithreach
ná séanfá mise fad is bheidheadh uisge
Ag riuth ann-sa' Machain le fánadh.
Is gnáthach fraoch ar dhruim gach sléibhe
A's tá'n Machain go tréan 'n-a háitreabh
Ag riuth le greín tré ghleann na gcaor
A's gan ainnir na gcraobh le háiriomh
I mBaile Nua an aonaigh dubhairt do bheul
liom
Ar sgarmhuint le chéile an lá úd
Go gcuirfeá ar m'éiliomh litir fá shéala,
'Nois lagaim na bréaga id' láthair,
Tar éis, is feas, chítear gach beart,
Teachtaire sgéil níor tháinig,
A's gur'b é mo mheas, a chúilfhionn dheas,
gur dhíol tu ró-shaor go bráth mé.
Gach 'le Domhnach bualann fonn me
Siubhal ar fuaid na mbánta
Mar bhidhinn-se a's tú gan ghruaim gan cúmha
Is id' fhochair do geibhinn mo shláinte;
Le feabhas na himeartha bhuaidh tú an chluiche
orm
Agus ní furus liom tar éis do cháinte
'Lár deabhadh a's deithnis guidhim go minic
leat
Agus cuirim ort Dia mar ghárda.



TAGRA.
Speóis = spéis,
Fáithchim, hem, margin, brink of ruin.
Machain, a river in Comeragh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services