Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rudhraigheacht. Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.

Title
Rudhraigheacht. Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 161


BRISLEACH MHÓR MHAIGHE MHUIRTHEIMHNE.



"Truaighe sin, a
Gheanainn," ar Cú
Chulainn, "do b'fhearr
liom ná ór na cruinne
agus ná maitheas an domhan
críoch mo shaoghail do
theacht roimh an gcoinsgleó so do chluinim
do chlos agus bíodh aithis fhiadhnach dá innisin
orm dá éis go bráth, dáigh atá sean-fhocal
ann gurab buaine blóidh ná saoghal."



"Leig sin thort, a Chú Chulainn," ar Geanann,
"óir ní fhuil acht saobh-shlógh siabhartha síthe
ionnta súd agus sian-ghárrtha duaibhseacha
draoidheachta do dhealbhadar Clann Chailitin
fád' chomhair-se dod' chomhmbuaidhreadh, a chua-
gáin chathbhuadhaigh," ar Geanann, agus adubhairt
Cú Chulainn nár bh'fhíor sin, agus d'fhéach amach ar
an bhfaithche agus do chonnairc na catha cóirighthe
amuigh, agus d'fhéach an dara huair amach agus do
chonnairc groidh mic Lir ar an bhfaithche agus do
badh géis dó sin d'fheicsin, agus dar leis féin
do chuala cruit mhic Manair dá seinm
go subhach síreachtach sír-bhinn sásamhail agus
do badh géis dó sin d'éisteacht agus do badh
argain seanma síthe é agus d'aithin air sin gur
cailleadh a gheasa agus gur briseadh a bhuadh go
fírinneach fiadhnach agus go dtáinig críoch a
chaithréime. As a haithle sin d'éirigh Badhbh,
inghean Chailitin i riocht fuince nó fionnóige
agus táinig ós cionn an ghrianáin i raibh Cú
Chulainn agus adubhairt: -



A Chú Chulainn, cóimhéirigh,
Cuimhnigh buaidheartha for Bhreagh-mhaigh;
Béas Ascaill ionnradh Mhuirtheimhne
Agus mór-airgthe Midhe;
Ní do chuirim-se ionmhaoidhim
I gcoimhleanmhain ar luing fhuair Fhearghusa;
Tuitfidh leat rí Oilioll,
Lughaidh agus laoch Maicniadh,
Earc is Colla agus Conchubhar,
Meadhbh agus Máine dod' mhór-chosgair;
Éirigh, a ioldánaigh ilchleasaigh éicht-mhinic
aithiosaigh.



A ua Chathfadh chlaidheamh-ruaidh,
A mhic díona Dúna Dealgan,
Ar gharg-ghleó na nGailianach ro ghairsead
aicmeadha
Eachtrann ilcheann eolaidhe ná ar tí olc
dod' chóimhéirghe.



Agus ar rádh an roisg sin do'n bhaidhbh,
d'imthigh ón ngrianán an tan d'éimigh Cú
Chulainn dul léi agus do gháireadar na sluaigh
ar an bhfaithche arís agus do chuala Cú Chulainn
gáirfhéadhach agus sgréacha 'na mbadhbh agus adubhairt
"is trom liom beith ag éisteacht ris na
gárrtha so, a Gheanainn, agus ceaduigh dham na


L. 162


sluaigh d'ionnsaighe agus na síoth-bhuidhne sgáith-
bhréige sodo sgaoileadh agus do sgrios, óir
do thraochadar mo threise agus do bhuaidhreadar
m' aigneadh agus do mhuighsead draodheacht
mo naidh agus mo neart agus mo niadhchais, agus do
chlaochluigh ceól caoin-bhinn na cruite do
chuala mo chuimhne agus mo chéadfadh, rug mo
lúth agus mo láthar uaim agus banntrachta bioth-
áille coirp-gheala na cúige fa churadhaibh
Connacht agus Muimhneach agus Laighneach agus laoich
na Midhe ag losgadh agus ag luath-raobadh
críoch Cuailgne agus Maighe Muirtheimhne agus do
cailleadh mo gheasa uile agus táinig comhartha
mo chríche déidheanaighe."



"Leig seacha sin, a Chú Chulainn," ar
Geanann, "agus ná tabhair dot' aire na
sian-ghárrtha saobha síth-se im an mbreág-
shluagh mbeag-anbhfonn mbocacanach so,
Clann Chailitin dod' mheasgadh agus dod' mhór-
bhuaidhreadh, óir atáid re seacht mbliadhna ag
siubhal an domhain ag foghluim draoidheachta
agus diabhluigheachta fád' chomhair-se do thuitim
leó agus leis na harmaibh do thugsad leó
d'ionnsaighe fear n-Éireann uile noch atá
ullamh inneallta dod' mharbhadh-sa ar Mhaigh
Mhuirtheimhne agus seachain iad go ceann seacht
lá agus rachaidh a gcealg ar neimhní agus éireóchaidh
comhachta Cathfadh dod' chabhair-se agus dod'
fhurtacht gan chontabhairt agus tiocfaidh Conall
as críochaibh coimhightheacha dod' chabhair, agus an
ar mo chomhairle do'n chur so agus ná fuirigh le
feidhm fuar-chroidheach Cloinne Cailitin agus
Meidhbhe agus budh lán an domhan uile dod'
sgéalaibh agus dod' bhuadhaibh go bruinne an
bhrátha 'gá n-aithris agus 'gá n-innsin tar h'éis."



Adubhairt Cú Chulainn go n-anfadh ar an
gcomhairle sin bíodh go dtiocfaidh a bhás de.



Is ann sin do canadh ceól sír-bhinn
siansánach agus ealadhna uaisle iongantacha do
agus do sic bhádar an bhanntracht agus an bhandála ag
fleadh-ól agus ag fithcheallacht agus ag muirn agus ag
meadhar i n-a thimcheall agus d'imthigheadar
Clann Chailitin agus ní rugadar Cú Chulainn
leó an lá sain agus tángadar go longphort
fear n-Éireann agus d'fhiafraigheadar maithe
an tsluaigh an dtugadar Cú Chulainn leó.
"Ní thugamar," ar siad, "i ndiu; do bhearam
linn i mbárach é." D'éisteadar an oidhche
sin agus d'éirgheadar trí mic Cailitin go moch
ar n-a bhárach agus tángadar go liosta labartach
lom-ghlúineach re gluaiseacht na gaoithe go
rángadar faithche na hEamhna. Is ann sin
do dhealbhadar catha cóirighthe do na gasánaibh
siubhlacha sanair agus do dhuilleabhar darach agus
do bholgánaibh béilce agus d'fhéar fíor-uaine
d'úir na talmhan trom-fhóda, agus do chuireadar
na catha ainbheacha soin iolghárrtha aidhbhle
uathbhásacha asta gur chlos fá'n gcrích go
huile iad; agus is orra do bhí coimeád Con
Culainn an lá sin, .i. ar ingheanaibh triath agus
taoiseach Uladh agus ar a coimhleannán féin,
.i. Niamh, inghean Chealtchair mhic Uitheachair agus
do rónsad na mná comhairle eatorra féin
cionnus do choimeádfadaois Cú Chulainn an
lá sin agus is í comhairle ar ar chinn siad, .i. a
bhreith leó go Gleann na mbodhar agus dob'
iontoghtha mar daingean diamhar do-eólais
an t-ionad soin agus tángadar an bhanntracht
agus an bhandála dá bhréagadh leó go nach beadh
ag éisteacht le buaidhreadh na mbadhbh ná le
hiolghárrtha na n-aimide náimhdeamhla dá
aidhmhilleadh agus dá aithghreasacht i gceann a
namhad agus easgcarad agus táinig Niamh, inghean
Chealtchair dá ionnsaighe agus is é adubhairt:



"A mhic ionmhuin," ar sí, "is domh-sa
tugadh do choimeád i ndiu agus tar liom agus leis
an mbanntracht go ndeachmaois d'uaigneas
leat d'urghárdadh meanman dom' dhún sa agus
atá deoch agam-sa fád' chomhair ann agus is cuibhe
duit a hól," agus táinig Cú Chulainn leó amach
as an ngrianán agus do rángadar i bhfogus
do'n ghleann agus mar chonnairc Cú Chulainn an


L. 163


gleann "is é gleann na mbodhar súd," ar
sé, "agus nocha rachad-sa ann go bráth agus ní
conair dhamh é." Níor chian dóibh ar na
hiomráidhtibh sin gur dhealbhadar clann
Chailitin catha comhmóra cóirighthe um an
nGleann lé'r taidhbhreadh do-san an chríoch
uile do bheith i n-a conair chreach agus i n-a ceada
coithchionn cuartaighthe, agus i n-a haongháir guil
agus gártha.



"Is truagh mo thoisg agus mo thuras," ar Cú
Chulainn leis an mbanntracht, "dom' bhasgadh
agus dom' bhaothlughadhi n-éagmhais m'each agus
m'éididh ionnus go rachainn d'fhosdadh na
gcreach agus do choimheasgar na sluagh agus do
choimeád na cúige."



Téid Cú Chulainn iar sin roimhe go
hEamhain Macha.



"Gabhthar m'eachraidh agus innealtar mo char-
bad damh," ar sé, "go ndeachainn d'fhéachain
fear n-Éireann."



"Tugais briathar damh-sa," ar Niamh
inghean Chealtchair, "nach rachthá d'ionnsaighe
fear nÉireann nó go dtiubhrainn cead
duit."



"Má thugas, is cóir a chomhall," ar sé.



Ro an Cú Chulainn ag Niamh agus do chuadar
chum an dúna agus táinig an mac ba shine do
Chloinn Chailitin ós cionn an ghrianáin mar
a raibh Cú Chulainn agus adubhairt an rosg so
thíos: -



A Chu Chulainn, cóimhéirigh;
Fionntar cruas do chomain ar neart
Namhad Maighe Muirtheimhne
Lán do dhrongaibh deigh-fhear,
Claidheamh agus sgiath ionnsaighe;
An Liath Macha beir leat i gceann catha;
Cosain Eamhain na ród réidh;
Ná coigil aos grádha
Ná cosa ná lámha,
Méidhe ná buinn bhána;
Tar agus cóimhéirigh.



Ro éirigh Cú Chulainn leis an ngreasacht
sain agus ag éirghe do, tug a lámh faoi, agus ro
iadhaigh Niamh a dá dhóid áille i n-a thimcheall
agus do chuir i n-a shuidhe go háithmhéalach ath-
tuirseach é. D'imthigheadar Clann Chailitin
ó'd chonncadar Cú Chulainn ar n-a fhosdadh agus
tángadar rómpa d'ionnsaighe fear nÉireann.



"An dtugabhar Cú Chulainn libh," ar siad.



"Ní thugamar," ar iad-san, "acht bearam
linn i mbárach é nó bainfidh se na sé cinn
so dínn."



Iomthúsa Conchubhair ar maidin ar n-a
bhárach, tug Cathfad agus Geanann agus Éimhear,
inghean Fearghail Monaidh, agus Niamh, inghean
Chealtchair agus an bhanntracht uile dá ionnsaighe
agus d'fhiafruigh díobh cá coimeád do bhéar-
daois ar Choin Chulainn an lá sin. Adubh-
radar-san nár bh'fheas dóibh.



"Ní mar sin damh-sa," ar Conchubhar, "óir
beiridh libh é i nGleann na mbodhar," agus is
uime tugadh Gleann na mbodhar ar an áit
sin, do bhrígh, dá mbeidís sluagh iomdha i n-a
thimcheall agus na gárrtha catha do chur asta,
nach cluinfeadh aonduine dá mbéadh san
ngleann gáir ná greadán dá mbéadh i n-a
thimcheall agus na gárrtha catha do chur asta,
nach cluinfeadh aonduine dá mbéadh san
ngleann gáir ná greadán dá mbéadh i n-a
thimcheall, "gurab ar an adhbhar sin is cóir
daoibh-se Cú Chulainn do bhreith libh ann agus
coimeádtar libh ann é g fáthach fír-
intleachtach nó go dtí neart ann-san tsín agus
ann-san tsolas agus go dtig Conall ó Chríochaibh
Cruithneach dá chabhair.



Do labhair Niamh inghean Chealtchair agus
adubhairt, "A áirdrí," ar sí, "níor aobh
orm-sa ná ar an mbanntracht uile dul san
nGleann soin i ndé agus sin uile chara an chaomh-
laoich ag á eadarghuidhe agus ag á iarraidh air
dul ann. Éirghead Catfhadh agus Geanann agus
na fileadha agus an bhanntracht uile leat-sa agus
le hÉimhear agus beiridh libh é do'n ghleann úd
agus déanaidh ól agus aoibhneas agus úrghárdughadh
meanman agus aigeanta agus intinne agus ceól agus


L. 164


oirfide agus ealadhna do chantain do go nach
cluinfeadh sé gáir ná greasacht Chloinne
Cailitin ag a bhuaidhreadh."



"Ní rach-sa leó," ar Éimhear, "acht éirigheadh
Niamh ar ar beannacht-ne ann, óir is í is
deacra leó Cú Chulainn d'éaradh na d'ei-
teach," agus is í sin comhairle ar ar cinneadh
leó. Tángadar mná agus macaoimh agus ollamhain
éigse agus lucht ealadhan agus athchuimhne agus aos
gacha dána dá raibh san dún uile chuige agus
táinig Cathfadh agus Cobhthach ceoil-bhinn an
crutaire ag cantain ceoil do agus téid Feir-
cheirtne file 'san leabaidh i n-a fhochair agus do
thoirbhir do phógaibh go díl agus go díochra é agus
táinig Cathfadh ós a chionn dá uirbhréagadh agus
do ghaibh ag á agallamh agus ag á eadarghuidhe
agus do chuaidh Niamh mar an gcéadna 'san
iomdha i n-a fhochair: -



"A mhic ionmhuin," ar Cathfadh, "tar liom-
sa do chaitheamh fleidhe atá agam duit agus
tiocfaid na mná-sa agus na filidhe linn agus fós is
geas duit-se fleadh."



"Do budh truagh sin," ar Cú Chulainn, "ní
tráth óil ná aoibhneasa damh-sa anois agus ceithre
ollchóigidh Éireann ag losgadh agus ag argain
na cúige agus Uladh 'san gceasnuighin agus Conall
i gcríochaibh allmhuracha agus atáid dá rádh
gurab ag teicheadh uatha atáim-se agus fir
Éireann dom' aithisiughadh agus dom' imdheargadh,
agus muna mbeitheá-sa agus Conchubhar agus Geanann
agus Feircheirtne agus na filidhe uile agus an bhanntracht
do rachainn-se dá n-ionnsaighe agus do-bhéarainn
dian-sgaoileadh namhad orra ionnus go
mbiadh lia a mairbh ná a mbeó," agus do ghabh
Éimhear agus an bhanntracht arís ag á chomhair-
liughadh agus is eadh do ráidh an rioghan ris: -
"A chuagáin m'anma," ar sí, "nochar thoir-
misg mise toisg ná turas dár thionnsgnais
riamh do ló ná d'oidhche ort go ham na huaire
seo agus déan orm-sa, a chéid-shearc agus a chéad-
ghrádh agus a aon-roghain d'fhearaibh na talmhan
agus a aoin-leannáin fileadh Éireann, teacht le
Cathfadh agus le Geanainn agus leis na fileadha
d'ól fleidhe atá ag Cathfadh fád' chomhair,"
agus leis sin d'éirgheadar uile i n-éinfheacht agus
do chuaidh Cú Chulainn leo go háithmhéalach
uir-leisg agus tángadar uile go Gleann na
mbodhar.



(Ní críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services