Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Gleann Domhain.

Title
Filidheacht. Gleann Domhain.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Tiománaidhe, Pádraig. Mín na Gualainn
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 137


GLEANN DOMHAIN.



Peadar Bhailis (Breatnach), cct.



Ar mhalaidh Ghleann-dómhain
A fuair mise an spórs -
Go mairidh se i gcómhnaidhe i n-aoibhneas -
Ag fear an chroidhe mhóir
I leathtaoibh an róid
A ngoireann siad Dómhnall Bhriain de;
'Sé sgabfadh an bheoir
Go farsainn i dtigh an óil
Agus choinneachadh ag ól na mílte,
Acht ní buideál ná córn
Do bhíodh i n-a dhórn
Acht galún Uí Dhómhnaill líonta.



Is aige atá 'n spéirbhean
Shoineannta shéimhidh
A thainic ó fhréimh na ndaoine;
'Sí sgabfadh an spré
Ar bhochtaibh an tsaoghail -
'Sé is ainm dí Déirdre an ríghbhean;
'Sí mholaim le féile,
Le maise 's le méin mhaith,
Eadar Tráigh Éanach agus Baoighilleach,
Agus a Chití Níc Daeghid,
Duit-se bheirim-sa an réim,
Agus creidididh an méid sin fíor uaim.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services