Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Mná Mhín-na-Sróna.

Title
Filidheacht. Mná Mhín-na-Sróna.
Author(s)
Mac Monaguil, Toirdhealbhach,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Timony, Patrick. Mín-a'-tamhnaigh, Fint
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 136


MNÁ MHÍN-NA-SRÓNA.



Toirdhealbhach Mac Monaguil cct.



A Shéamais, is náir liom mar d'áthruigh tú
an nós sin,
A theacht le do ghárda fríd lár Mhín-na-
sróna;
Ná, dá dtigtheá mar budh ghnáth leat 's do
chána in do dhórn leat,
Bhéidheadh airgead bán leat is páipéar is ór
buidhe.



Ó chruinnigh tú gárda gan grásta gan
tróc're,
Spailpíní Gállta ag árdughadh ar gcuid bó
leo,
Acht míle altughadh dho'n Áirdrígh a cheáng-
luigheas na dóirle,
Ná, gheobhaidh sibh bhar bpáidhe ó mhná Mhín-na-
sróna.



Is cliú mhór 'san áit seo mná Mhín-na-sróna,
'siad nach leigfeadh a gcuid áirnéis lé
báillídh ná tóraidhe;
Is bean aca ab' fheárr liom dá bhfághainn i
dtús m'óige í,
'S nár mhaith an cúl báire i n-am gábhaidh agus
gleó í.



'S a bhuachaillí bána, má's áil libh-se pósadh,
Gabhaididh dh'ionnsuidhe ar Niall Mhághnuis,
'sé dheánfas díbh eólus;
Gheobhaidh sé díbh mná maithe agus teánntaidhe
do'n ór leo,
'S nár mhaith ag bhar láimh iad lá Márta agus
fóghmhair.



'S má théidheann sibh 'un na sráide 's bhar
lámh in bhar bpóca,
Ag feitheamh goidé an stáidbhean ar bh'áil
libh a bheith 'g ól léi,
Ná toghaididh bábóg bheag álainn neamhfhogh-
ainteach;
Bíodh cailín bréagh sáimh libh as lár Mhín-na-
sróna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services