Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Sgurtha - Ó'n Athair Peadar Ó Laoghaire.

Title
Caint Sgurtha - Ó'n Athair Peadar Ó Laoghaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Ó'N ATHAIR PEADAR Ó LAOGHAIRE.



Do bhí pósadh ag dul chum cinn i n-áit
áirighthe. Do chuir daoine éigin an cléireach
suas chum póige do shnapadh o'n mnaoi óig.
Thug an sagart fa ndeara é agus do dhíbir sé an
cléireach ar an láthair. Annsain do tháinic an
cléireach ag triall ar an athair Labhrás Ua
Mathghamhna dá iarraidh air athchuinge chur
isteach ar a shon. Do scríobh an t-Athair
Labhrás an athchuinge so dho.



A athair dhil ghrádhaigh
Ná cuir mé ód' láimh
'S gur duine me 1 atá
Gan céile.



Gan pinginn im' láimh
Gan folt umam' chnámhaibh 2,
Acht me am' chaitheamh ó'n áit
Go chéile 3.



Do mhaitheadh do'n Rígh 4
A pheacadh le mnaoi,
'S do Pheadar dhin Críosd
Do shéanadh.



Maith dómhsa mo phóg
A sgiobas le spórt -
Sgaoil feasd' 5 mé i ngnó
Na cléire.



TAGRA
(1) 'S gur duine mé, agus c. This is a peculiar Irish
idiom. The form mar is duine mé, agus c., would,
perhaps, be rather expected. The other, however, is
correct, and is quite common in Munster.



(2) Gan folt umanm' chnámhaibh (without a stitch on
my bones). Umam' is compounded of um, on, about,
and mo, my. Chuir sé a chasóg uime, he put his coat
on (or about) him.



(3) Ó'n áit go chéile is not exactly the same as a áit
go háit. The former signifies a sort of alternation in
the tossing about of the poor clerk. It is literally,
"from the place where I am to some corresponding
other place," and vice versa.



(4) King David.



(5) Feasda, in future.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services