GREANN NA GAEDHILGE.
Ag seo paipéar pósta do thug an t-athair
Labhrás Ua Mathghamhna do dhuine éigin darbh
ainm Risteárd. 'Sé an t-athair Peadar
O Laoghaire do fuair é. Dob' é Risteárd
an fear do chuir beirt bhainchéile, agus bhí
fonn pósta arís air.
Sin chughaibh Risteárd
A's é go ceannárd (1)
Ar muin (2) gearráin
Nach bhfuil díolta as.
Ní'l fiú (3) an chorcáin
Ar lic a theinnteáin
'S tá leath a bhotháin
Gan díon ar.
Do ghabhadh sé (4) ar Siobhán
Le smut (5) de thaobhán
'S níor shos (6) do'n leannán (7)
A bhí roímpe.
Ar dath an liomháin
Do bhíodh a slinneáin
'S ba mhinic ar fiarán (8)
Í 'g á muintir.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11