Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán. Bean na Táibhirne.

Title
Amhrán. Bean na Táibhirne.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Sléibhín, Pádruig. Eadar-dhá-ghabhal
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 122


BEAN NA TÁIBHIRNE.



Thuit na Seagháin amach le chéile;
Sin an áit i rabh an cás a bhí doiligh réidhteach;
Tharraing siad an ghruag as dualaibh a chéile,
Agus d'fhuaduigh bean na táibhirne mo cháibín
léithe.
'S an é nach dtuigeann tú mo chás, a bhean
na táibhirne, gach aon lá?



Budh í mo cháibín an cáibín gléasta;
Bhí dhá phláta airgid os cionn cláir m'éadain;
Bhí an headband óir air ab' fheárr a bhí i
n-Éirinn,
'S ní thiubharthainn mo cháibín ar choróin Ríogh
Séamus.
'S an é, etc..



Dá mb' agam-sa d'fhuígfidhe an cás le réidh-
teach,
Chuirfinn iad 'na gcúplaidhe ar chúl a chéile;
Bhuailfinn bean na táibhirne i gclár an
éadain,
Sol má mbéidheadh sé le ráidht go mbéidheadh
mo cháibín léithe.
'S an é, etc..


L. 123


A Sheagháin, go tigh na táibhirne go bráth má
théid tú,
Bíodh do sgillinn in do phoca le do chás a
réidhteach;
Buail an bórd go teann 's ná bí i dtillea-
maigh gach éinneach,
'S ar maidin lá ar n-a bháireach bíodh do
cháibín saor leat.
'S an é, etc..



Cheannuigh mo Róise bó ar an aonach
Ar chúig ghiní óir 's ar choróin de éirlis;
Ní théid sí 'un a' tairbh 's ní thugann sí an
lá léithe,
'S ní bhíonn sí an samhradh gan bainne 'na
dhéidh sin.
'S an é, etc..



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services