Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bóthar Iarainn nua i nDún na nGall

Title
Bóthar Iarainn nua i nDún na nGall
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bóthar Iarainn nua i nDún na nGall



Is cosamhail nach bhfuil duine ar bith i nÉirinn ábalta
ar roinnt bhóthair iarainn do dhéanamh. Táthar ar tí
bóthar iarainn cumhang do déanamh idir Leitir Cean-
nainn agus Port Burtuin i gcondae Dhún-na-ngall.
Béidh sé fá thuairim dhá fhichid míle slighe thart fá na
chaladhaibh i nIarthar Tíre Chonaill agus bhéarfar
£200,000 nó £300,000 ar son a dhéanta. Acht fear as
Londáin atá le n-a dhéanamh. Mheasfadh duine gur
i n-áit iargcúlach san Aifraic atáthar 'gá dhéanamh,
mar nach bhfuil d'aitightheóiribh acht daoine barbardhacha
agus gur riachtanach do mhuinntir na Breataine Móire
teacht agus bóthar iarainn do dhéanamh dhóibh. Acht nach
amaideach mé ag caint! Tá ceithre milliúin daoine
i Londain agus ní fulair dóibh marthain ar slighidh
éigin agus ní hí laibh na habhainn úd Thames a chothui-
gheas iad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services