Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna Nua.



Am Feillire agus Leabhar-poca Gaidhealach, 1901. Sraid
na Cloiche (Lyminge): Air a chlodh-bhualadh le
E. Domhnullach, Ardmor, A'Phris, Tri sgillinn
agus bonn-a-sia, saor leis a'phost.



Do cuireadh cóib de'n leabhrán so chugainn le haghaidh
a fhromhtha, agus is fáilteamhail atámaíd roimhe, dar
ndóigh, mar is mór a rachas sé i sochar dúinn,
go ceann na bliadhna atá i láthair go háirithe.
Is sár-mhaith mar do cuireadh le chéile é, agus is mór an
méad eolais is féidir do bhaint as. Ní'l nídh d'á
gcuirthear i bhFéilire Gallda, nach ins an leabhráinín
seo is feidir é d'fhághail freisin. Do-chímíd, seachas
an Féilire féin, eolas Eaglaise na hAlban, Postacht,
áireamh lucht labhartha na Gaedhilge, agus neithe beaga nach
iad. Rud eile dhe, is an-fhurus é le léigheadh, siúd agus
go bhfuil canamhaint mhór throm ar an gcineál Gaedhilge
atá ann. Is aisdeach linn an Fhaoilteach = Ianuair, An
Gearran = Feabhra nó an Faoillidh, An Giblean = An
t-Aibreán, An t-Óg-mhíos = An Mheitheamh, An t-Iuchar =
An t-Iúl, An Sultúine = Meadhón Foghmhair, An Damh
air = Deireadh Fóghmhair, agus an Dudlacht = Mí na Nodlag
acht ní hioncháinte cuid aca.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services