Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchas.

Title
Dinnseanchas.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Dinnseanchas.



Do thórantacht na Midhe ann so ris na cóigeadhaibh,
amhail do ordaigh Tuathal Teachtmhar. Mar théid ó'n
Sionainn soir go hÁth Claith, ó Áth Cliath go hAbhainn
Righe, ó Abhainn Righe siar go Cluian Connrach, ó
Chluain Connrach go hÁth an Mhuilinn Fhrangcaigh, agus go
Cumar Chluana hIoraird, as sin go Tóchar Cairbre, ó
Thóchar Cairbre go Crannaigh Gheisille, go Druim
Chuilinn, go Biorra, gus an abhainn d'á ngoirthear
Abhainn Chara, gus an Sionainn budh thuaidh, go Loch Ribh.
agus na hoiléin uile is leis an Midhe iad; agus an tSion-
ainn go Loch Bó Dearg, as sin go Maothail, as sin go
hÁtha Luain, as sin go Sgairbh Uachtaraigh, go Druim
Leathain, go soiche an Magh, go Cumar Chluana hEóuis,
go Loch Dá Éan, go Magh Cnoghbha, go Duibhir, go Linn
Átha an Daill ar Sliabh Fuaid, go Magh an Chosnamhaigh
i gCill tSléibhe, go Snámh Éagnachair, go Cumar, agus ó
Chumar go Liffe, amhail adeir an Seanchaidhe: -



ó Loch Bó Dearg go Biorra,
Ó'n Sionainn soir go fairrge,
Go Cumar Chluana hIoraird,
'S go Cumar Chluana hAirde.



Trí thriocha dhéag i gcurp na Midhe féin, agus chúig
thriocha i mBreaghaibh, amhail adeirthear is na rannaibh-
se síos: -



Trí thriocha dhéag san Midhe,
Mar adeir gach éin-fhile;
Is chúig thriocha i mBreaghmhaigh maith -
Is meabhair é re heolchaibh.


L. 59


Críoch Mhidhe inneósad daoibh,
Agus críoch Bhreagh go mór-ghnaoi;
Ó Shionainn na ngarrdha nglan,
Go fairrge - do fheadamar.



Fir Theathbha ar imioll budh thuaidh,
Agus Cairbre go nglan-bhuaidh;
Go líon gach saoithe 's gach ndámh,
Fir Bhreagh go nuige an Casán.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services