Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Abhrán Suaichnidh.

Title
Filidheacht. Abhrán Suaichnidh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 57


Abhrán Suaichnidh.



Ag so cóib de'n abhrán so, is fiú a thabhairt
b'fhéidir i gneill leis an éagsamhlacht atá
idir é féin agus an ceann atá cheana i gclódh.



Cailín deas crúidhte na mbó.



Ar n-a chur i nGaedhilge ó Shacs-bhéarla le
Donnchadh Wolffe, 1851.



I.



Maidin bhreágh aoibhinn lae shamhraidh,
Na héin bhinn' an-dlúith 'seinm cheoil,
Do dhearcas-sa aindir gheal-ghnúiseach
San machaidh 's í 'crú bainne bó;
Le ceol sidhe budh samhail a faoighle,
A d'fhág mé faon claoidhte gan treoir,
Tá mo chroidhe lag i bhfíor-shearc do'n chúil-
fhionn,
'Sí cailín deas crúidhte na mbó.



II.



Umhluighim le beannachadh múinte
Do mhaighdhin sár-chúmtha na gcraobh,
Atáim-se im' chime dod' chiontaibh,
"Is magaidh, dar liom," ar-san bhéith;
Óir ní péarla nó taisge mór-luach mé,
Go ndéanfainn thú léir-ghoin, dar ndóigh,
Acht aindir neamh-ghasda de'n tuaith mé,"
Arsa cailín deas luaimneach na mbó.



III.



"I n-iathaibh na nIndhiacha ní'l séad cheart
Chomh hiairbhiseach sgéimh ghlan le fághail,
Mo phian-chnead ná méadaigh, a chéad-searc,
Acht riar dam lé haon toil do pháirt,
Glac truath dham is fuasgail mé, 'ghrádh ghil,
'Mo thruagh bhocht ná fág mé faoin bhrón,
Dod' dhíth-se sin sínte faoi chlar mé,
A chailín dheas bhán-chnis na mbó."



IV.



"Ní thuigim sár-chlisde do bhriathra,
Go deimhin níor chlaon mé don'n ghrádh,
A ghliocas ní thig riamh im' ghaobhar,
Leis sin ná cuir sgléip orm tráth;
Óir nauchar do phósadh ní rún liom,
Ná fós mo ghnáth-chúrsa chlaochlódh,
D'á bhrígh sin, a shaoith ghlain, glac diúltadh,"
Arsa cailín deas crúidhte na mbó.



V.



"Dá mbeith agam-sa airgead Démos
'S an Aifrice shéadmhar cois trágha,
Devonshire uile 'gus a ghréithre,
'S deich míle an méid sin 'na dheoidh,
Lóchrann Aladdin dá bhfaighinn-se,
'S a rinn sí mar oighreacht gan gó
Do ghrádhfainn thú dealbh gan saidhbhreas,
A chailín deas shoillseach na mbó."



VI.



"Feasda ná labhair díthchéille,
Ní mheastar liom ghéilleadh dod' shlighe,
Is feárr liom sealadh gan chéile,
Go mblaisidh mé pléisiúr an tsaoghail,
Nua-chúram is cúis tuirse 'gus céasta,
'S ór buidhe mar spré ní'l im' chóir,
Do'n bhólacht dod' chómhairle ní ghéillim,"
Arsa cailín deas crúidhte na mbó.



VII.



"Ar mhaighdin ní'l feidhm ná síor-áthas
Má meastar a bláth a' dul síos,
Mar thairgsint maidne má cáintear,
Bíonn earradh ar lár i meadhón lae,
Tréigeann sinn sgéimh ghlas an tsamhraidh,
Na bánta ní chumhdaigheann a snódh,
San bhfóghmhar bíonn mór-sgaipeadh ar dhuill-
íbh,
A chailín deas crúidhte na mbó.


L. 58


VIII.



"Cúilfhionn mar luing ar dhruim sáile,
Ní'l fios ó n-a báthadh a' raghaidh saor;
Gach stoirm dá dtigeann bíonn gáibhtheach;
Glac misneach is fág an dainséar.
Mó iarbhais a chialach ní tnúth liom,
Acht annsacht do chlú gan claochlódh;
Faoi éideadh na cléire gabh liom-sa,
A chailín deas crúidhte na mbó."



IX.



D'fhreagair an aindir dhearc-áluinn,
An mhaighdean do ghrádhas-sa tar meodhan
"Aithris dom' cháirdibh do ráidhte,
Is geallaim gur fáilte do gheobhair,"
A comhairle tan sheoil sí go múinte,
Do sgaip sí mo smúit gan a gó
Óir anois atáim sgartha is lionndubh,
Ag cailín deas crúidhte na mbó.



Do sgríobhas an t-abhrán so síos mar fuaras é,
acht amháin gur fhaduigheas cuid de na geár-nósaibh
sgríbhinne do bhí ann - agus fós, ní cuid aca, acht an
t-iomlán.



Gidh go bhfuil an t-abhrán coitchionn go maith, tá
corr-fhocal ann nár chualas ariamh i n-úsáid.



Ua N.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services