Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chéad Amhrán ó Chontae an Chabháin.

Title
An Chéad Amhrán ó Chontae an Chabháin.
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Aighnéas,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN CHÉAD AMHRÁN Ó CHONTAE AN
CHABHÁIN.



Sráid Hollais 3 (3 Holles-street),
Baile Átha Cliath,
Eanáir 27, 1901.



Seo dhuit, a dhíl-chara, an t-abhrán úd (An
bóithrín buidhe) ar a rabhamar ag trácht an
lá cheana. Measaim nach féidir dhom é do
réidhteach i slighidh do b'fhearr, a chuige ná
ar aon chor. Bhíos go h-an-chúramach 'gá
sgríobhadh síos - acht, maidir le s na giotaíbh
eile, ní fhuilim sásta im' aigneadh go bhfuil
gach focal díobh sgríobhtha 'sa gceart agam -
Ar an adhbhar sin agus eile, b'fhearr liom an
tsheanbhean d'fheicsint arís, go mbéadh eólas
cruinn agam orra.



Beannacht ó'n rígh ort,



Mise,



Do bhuan-chara,



Aignéas Ní Fhaircheallaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services