Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Pé'n Éirinn í.

Title
Filidheacht. Pé'n Éirinn í.
Author(s)
Loilghéas, Pádraig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

'PÉ I N-ÉIRINN Í.



Pádraig Loilghéas, cct.



Is dealbh an cás 'na dtárla faon gan bhrígh;
Im' sgramaire tráighte fán-lag aosda críon;
cé chaithfeam admháil os árd gur saegheadadh
sinn
Le taithneamh mar chách do'n bháib pé i nÉirinní.



Cár bh'iongnadh an cás ná Seaghán bheith tréith
lag tinn
Is tuilleadh 'shíl Ádhaimh is Dáith O Cléirigh an
ghrinn;
Acht mise mar táim cé nár na sgéala dhíbh,
Mo shearc is mo ghrádh do'n bháib pé i nÉirinn í.



Is rachad chum fáin ó'n árus aobhdha i mbím
Is sgarfad le páirt mo mhná, ní baoth an
gníomh;
Ní stadfad go bhfágha mé im' dháil an Phoé-
nics ghrinn
Do rug barra thar mhnáibh i gcáil pé i
nÉirinn í.



Dá mbadh file mé ar áird i ndán nó i
ndéanamh laoi
Is fothragain d'fhagháil i n-árd-shruth naomh-
mban n-aoibh;
Níor thuirseach liom lá go bráth le ré mo
shaoighil,
Ag cantain ar cháil na mná pé i nÉirinn í.



(A chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services