Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiannaidheacht - Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Fiannaidheacht - Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 605


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Is annsin do chuaidh an rí i bhfíor-thosach
na buidhne agus do ghabh a córughadh
na gcath-bhuidhean, agus ag greasacht
na laochraidhe, agus ag árslach na
bhflaith, agus ag greannchadh na
n-uasal, agus ag innealughadh na soch-
raide, agus ag dlúthughadh na gceap;
agus ar dtiomsughadh agus ar gcruinn-
iughadh na sluagh amhlaidh sin, do
ghluaiseadar rómpa fá thuirim
na faithche agus iar dteacht annsain
dóibh do chonncadar na curaidh cosgartha
cnáimh-gheártha, agus 'na loch tobair fola foir-
dheirge, agus an dís gaisgidheach do rinne an
t-ár na faithche ag faobhrughadh a n-arm agus ag
géarughadh a sleagh agus a gcroiseach do mhaol-
uigheadar agus do bheánuigheadar san gcath-
iorghail sin ó chianaibh. Súil dá dtug an dís
féinneadh seacha, do-chíd an lonn-tsochraid
ceann-trom córuighthe chuca, acht cheana ní
ar thlás ná ar thime, ar mheatacht ná ar mhío-
dhóchas do chuaidh sain ag na trein-fhir nár
thláith, acht ar mheanmain agus ar aoirde aigean-
ta agus uaisle fola, agus is é do rinneadar
faobhair an dá sgiath gheal-bholgacha sgaith-
leathna do bhí ar n-a bhfolcadh do chroicnibh
leomhan agus liopard agus beathadhach n-uasal eile
agus iar gcur agus iar gceangal d'ór áluinn na
hAfraice agus do chlochaibh uaisle Thíre Tairn-
gire, do cheangal re céile. Cidh trácht, budh
bhorb na héachta thugadar an dís féinneadh
ar shluaghaibh ríogh an domhain, óir is é
tuarasgbháil Ghuill ghlan-bhéimeannaigh mhór-
chroidhigh mhic Mhórna, eadhón, mar bhuinne
taidhbhseach trom-ádhbhal tréan-bhóchna ag
dortadh tar mhaoilinnibh cnoc nó árd-shiabh;
agus budh hé tuarasgbháil Osgair anghlonnaigh
lán-bhéimeannaigh mhic Oisín mar chaor
treathan-mhóir ar n-a séideadh as frothaibh na
fiormaimente le neart tóirnighe ag dul fá
na sluaghaibh dóibh, agus beirid tuinnseamh toll-
bhorb neartmhar i gceart-lár aghaidhe na
sluaighe ionnus go ndeachadar as a n-ord-
ughadh, agus do ghabhadar d'á n-óirleach agus d'á
n-athchumadh amhail fiodh coille d'á treasgradh
nó mar bhrúcht mara nó mór-fhairrge ag
bualadh fá chiumhsaibh cairrge ceann-ghairbhe.
Cidh trácht, is e críoch agus foircheann na coin-


L. 606


bhliochta sain, muna ndeachaidh fear san aer
suas nó síos san talamh, nó muna ndeachaidh
duine re gaoth nó gealtachas, ní dheachaidh
neach ó'n chaithmhíleadh do mhuintir an ríogh
acht an rí féin agus beagan d'á mhuintir do
chuaidh ar raon madhma agus mór-theithmhe isteach
san dún, agus níor lean Goll ná Osgar iad,
acht is é do rinneadar arm agus éideadh na
muintire do marbhadh do bhreith leó do'n
luing, agus iar dteacht dóibh ann do gheibhid
Fearghus finnbhéil agus inghean ríogh an domhain
i n-a seasamh ar churr thosaigh na luinge, agus
fá mór lúthgháir Ghuill agus Osgair, agus do thóg-
bhadar na seólta saidhbhre sár-luaithe agus na
bréide ball-chorcra agus na hangacha áille
iongantacha is na seól-chrannaibh comh-árda
crann-righne, agus do sguabadar ó'n gcuan agus
ó'n gcaladh-phort.



Cidh trácht, ní haithristear sgéala orra
go fóill, acht ar Fhionn agus ar an gcuid eile
d'fhan i n-a fhochair i gcríochaibh na Sorcha.
Iomthúsa Fhinn uí Bhaoisgne agus a mhuintire
annso. Iar n-imtheacht do Gholl agus d'Osgar
uatha, do chríochnuigheadar comhairle aca dul
d'ionnsaighe na cairrge mar ar fhágbhadar
lorg an Ghiolla Dheacair ó imeal-bhórdaibh
an chuain amach, agus do lean Foiltleabhair
mac ríogh na hIndia an lorg trés an sáil
go soindíreach tréimhse agus tamall fada, agus
níor chian dóibh ar an aidhbhéis eochair-ghuirm
agus ar an bhfairrge mór-chubhrach ag leanmhain
luirg an Ghiolla Dheacair ó phort go port agus
ó chuan go cuan, óir fá hádhbhal an diamh-
rughadh agus an dísliughadh do bhí sé a thabhairt
ar a lorg in gach áit i n-ar ghabh d'á cheilt
agus d'á fholcadh féin ar Fhionn agus ar Fhiannaibh
Éireann, óir do bhí a dheimhin aige nach raibh
ar domhan lorgairí dob' fhearr ná iad. A
haithle gach aistir agus gach imtheachta dá
ndeárnadar do rugadar an lorg fá dheoidh
go Tír tréáda treabhair-gheil Tairngire agus
fá lúthgháireach iad óir d'aithin Diarmuid ó
Duibhne an tír fó chéadóir, mar do chaith sé
seal d'á óige ann i bhfochair Mhanannáin mhic
Lir ar a oileamhain dó. “Is é is cóir dúinn
a dhéanamh,” ar Fionn, “an tír a thabhairt fá
ghoin ghaoi agus claidhimh i ndíoghail a bhfuaramar
d'olc agus d'anfhorlann ag tóruigheacht á
muintire.” “Ní mar sin is cóir,” ar
Diarmuid ó Duibhne, “acht cuir feasa agus
teachtaire d'á fhios cia beó nó marbh dod'
mhuintir agus féachain an connradh síothchána
chuirfeadh Adhbharthach chugat, agus má's eadh, is
é is fearr d'fhagháil uaidh, óir is mairg do
bheagán do shamhlóchadh iad féin le hucht na
críche-se ar iomad a gceard, a gcomhacht agus
a n-ealadhan draoidheachta.”



Do mhol Fionn an chomhairle sin, agus d'fhiaf-
raigh d'á mhuintir cia chuirfidís go dún
Adhbharthaigh. “Rachad-sa ann,” ar Foilt-
leabhair mac ríogh na hIndia, “óir ata lorg
an Ghiolla Dheacair fúm, agus ní sgarfaidh liom
nó go gcuirfidh mé é gur an dún.” Do
ghluais Foiltleabhair roimhe, agus níor comhnuigh-
eadh leis go ráinig Dún Adhbharthaigh, agus do
fuair sé Adhbharthach roimhe ar an bhfaithche
agus cúig feara déag sain i n-a fhochair.
Beannuigheann Foiltleabhair dóibh agus freag-
rann Adhbharthach dó agus fochtann sgéala dhe.
“Do mhuintir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar sé,
“agus thángas uaidh d'fhógairt chatha ort-sa
i ndíoghail a easonóra agus i n-éiric a mhuin-
tire a thabhairt uaidh.” Téid Adhbharthach agus
roighne a mhuintire i gcomhairle um an gcás
sain d'fhios an cath nó comhtha do bhéarfa-
daois dó, agus is í comhairle do mhol a mhuintir
dhódul ar amus Fhinn agus a bhreath féin do
thabhairt dó maille le haiseag a mhuintire, agus
a thabhairt leis dá dhún, agus adubhradar gur
bh'fhearr dhó sain ná dul i gcionn catha le
Fionn. Téid Adhbharthach mar a raibh Fionn
agus d'fhear fíorchaoin fáilte roimhe féin, agus


L. 607


roimh a mhuintir, agus do shnadhmadh síoth agus cara-
das eatorra agus tug a lámh i láimh Fhinn agus rug
leis féin agus a mhuintir, agus do friotháileadh iad
leis do roighne gach bídh agus do shean gacha
díghe go ceann trí lá agus teóra oidhche agus i
gcionn na rae sin d'éirgheadar amach ar
fhaithche an dúna agus do comóradh aonach agus
árd-oireachtas leó agus tángadar mór-uaisle
Tíre Tairngire d'fhéachain Fhinn agus na Féinne
agus d'fhearadar fáilte riú.



Níor chian dóibh ar an órdughadh sain an
tan do chonncadar as an muigh an bheag-
chuideachta, agus is iad do bhí ann Goll glan-
bhéimeannach mac Mórna agus Osgar anghlonnach
mac Oisín agus Fearghus finnbhéil agus Taise taobh-
gheal inghean ríogh an domhain, agus iar dteacht
i gcomhfhogus do'n bhFéinn dóibh thugadar
aithne orra, agus gluaisid i n-a gcoinne agus i n-a
gcomhdháil agus tugadar póga go díl agus do
díochra dhóibh. D'fhanadar an oidhche sin i
bhfochair Adhbharthaigh agus éirighid go moch ar n-a
bhárach agus adubhairt Adhbharthach re Fionn breath
do thabhairt air i n-éiric a mhuintire thabhairt
uaidh, agus go dtabharfadh dó gach breath da
mbéarfadh air. “Do bheirim," ar Fionn,
“gach einioclann is cóir dom d'fhagháil uait
a bheith agat i ngeall ris an tuarastal do
gheallas duit ar Dhruim gCollchoille an tan
thángais chugainn i riocht an Ghiolla Dheacair.”
“Maiseadh, a Chonáin,” ar Adhbharthach, “ó's
tusa féin fuair duadh agus dochar ar marcuigh-
eacht neamh-shuairc, do bhéarfad do bhreath féin
duit ar eagla m' imdheargtha.” “Tabhair
slán dhamh,” ar Conán. “Do-bheirim,” ar
Adhbharthach, “grian agus éasg duit re a
gcomhdháil.” “Maiseadh,” ar Conán, “do-
bheirim do bhreath ort na ceithre fir deag is
annsa leat i dTír Tairngire do thabhairt
leat annso, agus an capall úd ar a dtugais
sinne, agus iad féin agus a mná do chur ar an mhuin
mar do bhámar-ne, do bhean féin ar
crochadh as a eirball mar do bhí Liagán
Luaimneach ó Luachair Deaghaidh agus tu féin a
dhul san riocht i dtángais chugainn agus a mbeith
amhlaidh sain go rochtain Droma Collchoille
dhúinn.” Budh bhuidheach cách uile go coit-
cheann do'n mbreath sin Chonáin, agus do rinneadh
amhlaidh gach nídh d'á ndubhairt. Do cuireadh
a longa ar mur agus Adhbharthach agus a bhean fá'n
gcapall, agus ní haithristear a sgéala go
rángadar Druim gCollchoille, agus iar dteacht
dóibh ann, súil dá dtugadar seacha ní
fhacadar an Giolla Deacair ná a chuideachta
aca, agus fós níor bh'fhíor dóibh cá rann ar ghabha-
dar uatha. Tigid as sain go hAlmhain agus do
rinneadh cuirm agus bainis le Fionn i dtimcheall
Taise taoibh-ghile, inghean ríogh an domhain
agus do bhí i n-a mhnaoi aige an feadh do mhair
sí, agus tug Fionn a mbreath féin do chloinn
rogh na hIndia agus níor bh'áil leis breathnughadh
eatorra ar eagla diómbuidheachais fir seach
a chéile dhíobh.



Gurab í sin eachtra agus imtheacht an Ghiolla
Dheacair go nuige sin.



IAR-CHOMHARTHUGHADH.



Bíodh nach bhfuil sgéal ar bith is mó aiteas
agus greann ná an sgéal roimh-ráidhte, óir gibé
staraidhe do chum é ní fríth alt lag ann ó
thúis go deireadh acht gach ball de fóirlíonta
agus gach eachtra ag comh-fhreagradh, agus é críoch-
nuighthe ar an nguithe céadna do tionnsgnadh
é, do bhrígh go dtug breitheamhnas Chonáin an
oiread grinn do'n bhFéinn agus thug a aidhneas
timcheall na gcapall ar dtúis, agus go dtig
an t-inneall do bhí ar an nGiolla Deacair
iar dteacht a bhaile dhóibh leis an riocht i
rug se an Fhiann leis ó Chnoc Áine, noch do
thaisbeánas go raibh se lán-oireamhnach chum
sgéil a cheapadh. Tairis sin, le haire ghrinn
a thabhairt dó, is dian-mhaith an fhoghluim do-


L. 608


gheibhthear as, óir ar dtúis taisbeánann sé
cionnus is cóir do dhuine chuireas roimhe
ádhbhacht nó magadh do dhéanamh éirghe as fá
mhaise. Cuireann sé taoiseach do Thuathaibh
Dé Danann i riocht draoidheachta chum Finn
mhic Chumhaill do mhealladh agus grinn a bhaint
as. Tógbhann sé cúig feara déag d'á
mhuintir leis ar chapall draoidheachta, agus
cuireann sé dís d'á mhuintir féin i gcionn
Fhinn i riocht Chloinne ríogh na hIndia, d'á chur
i n-umhail dó go gcuirfidís lorg an Ghiolla
Dheacair, d'á chur amudha ó theacht suas leis;
seólaid siad chum cuain é nár bh'fhéidir leis
dul i dtír ann acht teachtaire áthasach do
chur uaidh, eadhón, Diarmuid. Cuireann
sé é sin i gcoimheasgar gleó ionnus gur
móide an mhoill, óir bhí Diarmuid chomh
díleas sain nach casfadh sé choidhche gan
sgéala iomlain agus is teagasg sin do gach
deagh-theachtaire. Taisbeanann eachtra Ghuill
agus Osgair do'n nGréig chomh beag de shuim
agus budh chóir do shaighdiúir a chur i n-a bhás
seachas mór-dháil a dhúthchais agus réir a thigh-
earna. Iar dteacht Dhiarmuda i gcionn Fhinn
le sgéala Chonáin, agus go bhfaca Clann ríogh
na hIndia nach féadfadaois a gcur amudha
ní bhus sia, léigid orra féin lorg an Ghiolla
Dheacair a bheith aca, agus treóruighid iad go
Tír Tairngire, agus iar rochtain annsain dóibh
níor bh'áil le Foiltleabhair neach a léigean
le teachtaireacht Finn chum Adhbharthaigh acht
é féin, iar gclos an sgéil sin d'Adhbharthach
is amhlaidh do rinne go glic céillidhe cuireadh
thabhairt d'Fhionn chum a thighe, é féin a theilg-
ean ar a choimirce agus a rádh leis a rogha
éarca do bhuain de, acht do bhog sain Fionn
amhail gach aon duine onórach taiseach ionnus
gur mhaith sé an t-iomlán dó. Gur budh
amhlaidh dhéanfas Rí na bhFlaitheas le hanam
an sgríbhneóra eadhón, Tomás O hÍceadha.



(Críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services