Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán - Cuimhneachán ar Phádraig Ua Laoghaire.

Title
Amhrán - Cuimhneachán ar Phádraig Ua Laoghaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 580


CUIMHNEACHÁN AR PHÁDRAIG UA
LAOGHAIRE.



Budh ghnáth le beirt éigin, tá roinn bhliadhan ó shoin
ann, cóimhfhreagairt litreach do thabhairt ar a chéile
gach re treall. Dob' iad an bheirt sin le luadh
Pádraig geal-chroidheach Ua Laoghaire — beannacht Dé
le n-a anam — agus mé féin, fear an mhéid seo do chur i
sgríbhinn. Bhí an-spéis ag ceachtar againn i n-amhrán-
aibh tuaithe na Gaedhilge agus budh mhinic sinn ag malairt
amhrán fá mar fuaramar iad. Is amhlaidh sin do
thárla an t-amhrán fada so agam-sa, siúd agus nach ó
Bhéarra 'ná ó'n Mumhain dam 'ná ó aon tuaith le
Gaedhealtacht, nídh dob' fhiú le spreallairín míbhéasach
ó Bhéarra féin — go Poll Tighe an Liabáin leis — do
chaitheamh 'sa' tsúil orm uair i nGaillbhéarla ós
comhair druinge bige de Ghalldacht, dálta an chladhaire
gan uchtach gan fearamhlacht atá ann.



Ó thárla ar cuairt i mBéarra mé de bhárr na
cóimhfhreagairte úd, is féidir liom a rádh go bhfacas
an sgríob (nó an réim nó an cúrsa) do “rith” (nó do
rinne) na báid le linn na rásann. Is dóigh liom gur
fearr “Duibh-inis” ná “Daoi-inis” (.i. oileáinín atá
idir Baile an chaisleáin Bhéarra agus “Oileán mór
Bhéarra”), acht is doiligh a rádh ciaca an ceart. 'Pé
sgéal é, thugas fá ndeara go bhfuil “Daoinis” (sin í
an fuaim — ní hé an litriughadh é) d'ainm ar a lán
d' óileáiníníbh beaga fá chuantaibh na Mumhan.



Do bhíos 'gá shaoileachtain aguisín dinnseanchais do
chur síos, dálta “Neidín — the town of Kenmare” agus
“Baoi — Dursey Island”, acht do chuireas suas de'n
smuaineadh sain ar dhá ádhbhar (1) tá furmhór na
n-áiteann — geall leis iad go léir — i mBéarra féin
agus ní deacair iad d'aimsiughadh i léarsgáil (nó mapa),
agus an mhéid nach bhfuil, tá an chuid is mó aca comhgarach
go maith do Bhéarra agus tá eolus ag an saoghal ar an
gcaol-chuid eile; (2) ceapaim nach maith le n-a lán de
Chorcaigheachaibh, go háirithe má's sgoláirí móra iad,
an nídh thuigid siad féin go dian-mhaith, é d'á léiriughadh
nó d'á chur ar a súilibh do dhaoinibh eile ag “stróin-
séir”, mar ní ceaduighthe dhó sain, dar leo, baint le
n-a ngnó féin. Sin é samhluighthear dam féin, agus má
rinneas éagcóir ortha 'sa' méid sin, gabhaim párdún
aca.



Maidir leis an amhrán féin, is fíor-dheas mar do
cuireadh le chéile é, agus is binn an mhéadaireacht as ar
cumadh é. Tá sé simplidhe go leór agus ní mheasaim go
dteastuigheann níos mó de thagra uaidh 'ná mar chuir
Pádraig Ua Laoghaire dham féin air.



NA RÁSANNA.



I.
Ar ghleanntaibh Ithbhéara bhí aeridheacht as grínn
Do réir cúntais gach sgéil atá thársa,
I starthaibh na h-Éireann tá éachtach i mbrígh,
As gach scríbhinn do léighid na h-iollána;
Ar a gcosnamh as saorsacht le fóirneart na gcloidheamh,
Nó i bpáirc na h-iomána cómh eádtrom a gcroidhe,
Cómh lúthmhar faoi léim nó chum dian-urchar líog,
Ní raibh aon-bhall 'sa tír le dul thársa.



II.
'S tá paróisde 'san áit sin is annsa 'nár gcroidhe
Nach náire d'á daoinibh í 'áireamh,
'Nuair éireochaid na céadta suas d'fhear-choin ghroidhe
As na bailtibh ó'r shíolruigh na sár-fhir.
Ar a glas-chnocaibh áilne is breágh bheith ag luighe,
'S tá ciumhais di mór-timcheall ag an sáile dhá nighe;
Is síneadh ar a claontaibh do feicfidhe Neidín
As ó bhórdaibh Chiarraidhe go h-Uíbh Bhráthar.



III.
As faoi mar a chloisimíd sgéalthóiridhe an bhaíll
Is d'á bhfaiceadh lem línn féin d'á cáileacht,
Ní'l aon pharóisde i n-Éirinn ar feadh na gcóigídh
Chum aon chleacht 'ná gníomh ann cómh h-árd léi.
Mar ag a triall tháinic muíntir Chiarruidhe as Chor-
caighe,
As fir Chathair-Bh'le-Áth'-Cliath siar go sráid na Gail-
limhe,
'S ar aon chluithche ar aon chor dá dtriallfaidís í,
Ní raibh aon bhall 's atír le dul thársa.


L. 581


IV.
Ar na rásannaibh déidhionach' do tháinic 'na slighe
Do thrialladh i mBaile-an-chaisleáin iad;
Bhí báid ó gach aon chuan i mBéara 'na dtí,
Cé gur beag bhí ag aonne d'á bhárr sain.
Cum rásann an lae-seo bhí bád ann ó Bhaoi,
Bád ó Rinn-troisc agus ceann ó Chiarruidhe;
Ó Oileán mhór Bhéara bhí dhá bhád nó trí
Agus launch aca 'niar ó na Garránaibh.



V.
Ní mór dóibh go gcuirfidís bád ó Bheanntraighe,
Féach a' bhfaighthí ar ár ngéagaibh aon fhághaltas,
As go sáithfidís launch do bhí thiar i nDún Baoi
Do thug Puxley anoir ó'n nGearmáin leis.
Bhí bád ó'n nDíseart 's mórán bád nach í,
As do sh'láthradh dúinn féin chum rás leo cúig cínn;
Do bhí fir ann ag gléasadh 'nár gcomhair go síorruidhe
Chum imtheacht in-san rian linn friseáltha.



VI.
Ag féachaint ar rásanna an lae seo do líon
Na sluaighte de dhaoinibh gach áit' ann:—
Na mílte ó Oileán mhór Bhéara as ó Bhaoi
Agus mór-chuid de bhuachaillidhibh Láthraigh;
Bhí na céadta ó Sgairbh soir síor chum Neidín, —
Gach aon bhaile i mBéara gan aodhaire aon tighe —
Bhí stranairdhibh baotha nár feárrde na baíll
Anoir ó chaoruigheacht Cloinn' Labhráis ann.



VII.
Do chóimhreamh ag iarraidh ár gcáile 'bhaint dínn
Gach aonne bhí eolgusach láidir,
As níor bhuail 'muinn 'nár siubhaltaibh arís
Aon fhuireann gur ceart dúinn dul thársa.
Mar bhí fir Oileáin Bhéara ann as muíntir Chiarruidhe,
Agus fir Doire Mithean ba neartmhaire groidhe,
Dá luighfeadh ár súil orra 'r sáile 'ná ár tír
'S nár náir linn iad siar ag ár bhfágaint.



VIII.
Acht ó thaobh Chill-Chaitiarainn do ghluais faoi na ndéin
Fear buan de shíol na MacCárrthaigh
Ciaca aniar nó a dtuaidh chughainn thriall an Math-thaois,
Is ón bpoínte do thriall mac na Cásga;
Triúr rámhairidhe tréan ó thráigh Cathrach Chaoimh,
Agus Diarmuid trom-ghéagach O Séaghdha na Collaighe;
Bhí beirt de na Néilleana' go h-eolgusach righin
Ó na h-Aodharaidhe agus Inis fear n-árd ann.



IX.
Do bhí duine meádhon-aosta, fear éifeachtamhail cruinn,
Do dhein ionad captaoin agus máta,
As gan amhras ní gádh dhom 'san rann-so chur síos
Nár badh mhalairt Micheál-an-Oileáin é;
Mar nár fhíll riamh isteach gan bheith iarracht chum cínn,
Bé cuma bheidheadh fairrge, garbh nó mín,
Do bhí ag stiúradh gach aon bháid ó Chléir go Tráigh-Lí,
As beidh cuimhne go fóil insa' tsráid air.



X.
Dob' éigion dá chúrsa do rith ar Diardaoin -
An céad lá gur dheachadar chum rás ann;
Bhí ceathanna gránna 'niar-dtuaidh as gálaidhe
Mar is gnáthach ar lá mhí na Márta;
Bhí bléistidhe mór' árda ag gluasacht le gaoith,
As 'na sluigeanna na tonnta d'á slugadh leó síos,
Bhí na fairrgidhe gléigeal ag éirghe 'na dtímcheall
Agus taoide ag dul suas ar na bántaibh.



XI.
Do chuaidh chum na téide na báid sé mhaididhe
As bhí ceithre cínn díob le n-áireamh,
Ba ghairid 'na mbóthar gur fhágadar síos
'Dir Daoi-Inis as céim-an-tSringeáin iad.
Bhí gach aon bhuille rámha d'á ngéarughadh chum cínn,
Agus ar filleadh thar n-ais dóibh t'réis casta ag an
mbíoth,
Ní sheasóchadh p'léar na cátha 'ná bréata de'n ngaoith
Le móimid aniar leo le fánaidh.



XII.
'S do chuadar arís síos le bád cúig mhaididhe
Leis na bádaibh sé mhaididhe ar a n-ádhbhar;
'S do chuadar amach ar tosach orra arís
Gan tuínte 'bhaint díobh ar a bhfágaint;
Acht d'éis teacht isteach ní leómhfadh na cínn
Na dualgais gur thuill neart na ngéag leó a dhíol
'S ar filleadh thar n-ais le glan-éileamh a ndíol
As a léinteacha ciardubh ó'n mbáisdigh.



XIII.
Ar an Luan do bhí chughainn bhí muíntir Chiarruidhe
Gléasta rómpa as budh bhínn bhí a mbád ann,
As fir Doire Mithean i n-a gcoinne arís,
Gan suaimhneas do thabhairt dóibh 'ná cáirde ann.
Acht ar druidim amach dóibh ró-fhada ó'n tír,
Ní bhíodh muíntir an bhaíll-seo faoi bhreis imnidhe,
Mar d'aithnigheadh gach aon aca feiste Mhichíl,
As é i gcomhnuidhe chum cínn ar na bádaibh.



XIV.
Do bhí sagart ó'n áit ann mar tuath ar na cínn,
As aige ní raibh fábhraidheacht 'ná báidh linn,
Mar do bhí sé ag iarraidh ár gcáile 'bhaint dínn
T'réis gach geall díobh do bhreith go macánta;
Cé gur'b é is mó léigh timcheall Dé as a dhlighe,
'S is mó bhíonn ar saothar seirbhíse 'ár ndruím,
Ní féidir linn féinig gan tuisgint 'nár gcroidhe
Nár roinn sé leis puínn de na grásaibh.



XV.
Nuair a chuadhmar 'na láthair imeasg na n-Árthaighe,
Do labhair sé go coimhightheach droch-shásta;
'Sé adubhairt, t'réis an lae d'fhághail ar bhád na
gCiarruidheach,
Ná faghmaois na geíll do bhí geárrtha;
'Sé dubhairt leis ár gcaptaoin gan machtnadh 'ná moíll
Gur bh'fhéidir le sagart leanamhain de'n chalaois,
Go dtaisbeánfadh ár bparóisde a tréithe i gcómhnuidhe,
As ná leagfadh an méid sin ár gc'ráiste.


L. 582


XVI.
Acht ní tógtha ar na fearaibh do dhein an cruaidh-nídh
Le fóirneart na ngéag do bheith sásta,
'Nuair bhí máighistridhe as maoir ag coimheasgar 's ag
maoidheamh,
'Nuair ná fágfaidís geíll ag a gcáirdibh;
Acht a dtaobh do chuir aon aca an méid sin i suím,
Mar b'fhéidir dá aoirde iad nó faoi mar a bhí,
Go dteastóchadh go daor dóibh chum díol 'sa tsíor-
ruidheacht
Nó go cuan flaithis Dé 'na bpasáiste.



XVII.
Acht a dtaobh seo bhí ag déanamh éagcóra Mhichíl,
Ní theasduigheann uaim focal a rádh leis,
Acht cúntas ár ngearáin go macánta chur síos
As gan cúngnamh an Aen-Mhic do chásadh;
'Nuair a chuirfidh súd rásanna 'n t-saoghail as a shuím —
'Nuair a bheidh sé go ciuin as go haonmhar 'sa chíll —
Go raibh Micheál ag féachaint go h-árd thar a dhruím
Anuas ó na Réaltain anáirde.



XVIII.
Ní'l gradam 'ná greann air 'ná cabhair i n-aon t-slighe
Ar an té úd a luigheann ár milleán air,
Mar níor shaothruigh ar aon chor aon cheannsacht 'na
shlighe
'Ná cneasdacht 'ná méin as a choláiste;
Mar níor cheart d'éis bád na trí pharóisde chur síos,
Dá mbeidheadh cogús ar aon chor 'ná daonnacht 'na
chroidhe,
Bheith ag crádh 'ruinn 'ná 'g séanadh ná faghmaois na
geíll
Bhí tuíllthe le saothar ár sláinte.



XIX.
Bhí an sagart cómh dubh chum gach aonne d'ár gcrew —
Acht go mór-mhór 'sa druím ar Mhicheál bhocht,
Dá mbadh é Cromwell nó Liútar do bheidheadh ar an
stiuir
Acht ar creideamh Ibhir na dtáinte.
Ní Turcach 'ná Liútrach leis aonne 'na bhád,
Acht Éirionnach dílis do bhain leis an áit,
Fuair riaghalta ó Réalthan, Mac Naomhtha na ngrás
Thug fóirneart a ngéag as anál dóibh.



XX.
Ní Turcach 'ná Liútrach ag aon fhear Micheál
'Ná fear magaidh ag sagart 'ná 'g bráthair;
Acht fíor-ghéag ó Dhomhnall O Súileabháin óig
D'fhág camtha na Sagsan go beárnach;
'Nuair bhuail namhaid a chreidimh as feallthóir a dúth-
aighe
Le h-ais feóra Áth'-an-tSoluis go feallsa 'na shlighe,
'S iomdha Sagsansach — dream ar an abhainn — le n-a
chloidheamh
D'fhág sínte 'sa' chomhrain an lá-sain.



XXI.
Go fóil le n-ár saoghal beidh an chuimhne 'nár gcroidhe
Ar an léim thug Seaghán mór O Máinle,
'Nuair shaothruigh na séimh-fhir go tréanmhar ar dtír
As na daoine 'na dtímcheall go grádhmhar;
'Nuair 'iompuigh sé déal bhí treasna 'sa t-slighe
'Na raibh uaisle 'gus ladies an aonaigh 'na suidhe,
Gur threasgair sé triúr de Chonstábla an bhaíll
Bhí thall insa' bpoínte mar ghárda.



XXII.
Do dhruid sé na daoine as gach aon-nídh 'leathtaoibh
As a ghaolta 'na dtímcheall go grádhmhar;
Nuair dubhairt leó éalódh leath-órlach de'n slighe
As a líontaibh ó dhorus tighe an tábhairne.
As chum urraim níos mó do thaisbeánt dúinn arís,
Ár bparóisde gan cháim ná raibh riamh curtha síos,
Tháinic buachaillidhe an cheoil mar chríochnughadh ar gach
nídh
As do thionnluc aníos ó'n sráid sinn.



XXIII.
Bhí cuid de dhaoinibh na h-áite 'nár suím,
Acht leis na daoinibh ní'l aon-nídh le rádh 'guinn,
Mar taobh-'s-'muigh d'ár ngearántaibh ar lucht na
gcoláistidhe
Níor thaisbeánadh dúinn aon-nídh acht g'lántacht.
Acht ba mheasa dúinn béiceach na ndaor-chlann ar dtír
Ná féadfadh dul péirse ar gála 'ná 'r sín,
Muna bhféadfaidís raintís do stiúradh le gaoith
Nó na muca do léasadh ar an dtáirsigh.



XXIV.
'Sé dubhairt fir ná raibh aon chuid 'sa tsaoghal aca dhíobh
Mairnéalaigh agus captaoinidhe árthach —
Ná chonncadar crew riamh ag gluasacht cómh bínn
'Ná do lámhuigh a ngléasa comh h-áluinn;
'Nuair chonnacmar féin neart as fuaim na mbuillidhe
'S iad cómh h-éadtrom ag léimnigh ar uachtar gach tuínn,
Níor bhinne linn éisteacht le h-aeribh cheoil sidhe
'Ná le caol-nótaidhibh mílse na cláirsighe.



Tagra ó Phádraig Ó Laoghaire Féin.



Is é “Mícheál an Oileáin” do chúm an t-abhrán so,
acht chualadh go bhfuair se cabhair éigin ó mháighistir
sgoile darab ainm Uilliam O Duibhir noch d'éag seacht
nó hocht de bhliadhnaibh ó shoin.



II. Paróisde 'san áit sin: The Parish of Kil-
catherine. Is síneadh: nó “le síneadh.”



III. Mar: óir. Ní raibh aon bhall, &c.: Nó nach
raibh fir innte féin le fritheáil dóibh.



IV. Ar na rásannaibh déidhionach' do tháinic 'na
slighe: timcheall dá bhliadhain déag ó shoin. Cé: Gé
nó gidheadh. Aonne: aonneach. Oileán mór Bhéara,
Bere Island.



V. Féach: d'fhéachain. Friseáltha: from Eng. fresh.



VI. Láthraigh (gen. of láthrach), Lárhach, Co. Kerry.



VII. Eólgusach, experienced. 'Muinn = umainn,
isteach of linn. Fágaint: for fágáil; frequently
heard in conversation.



VIII. Cill-Chaitiarainn. Kilcatherine.


L. 583


XI. Bíoth, buoy. Thar n-ais: thar ais. Bréata,
puff, blast.



XIII. Mar: óir.



XIV. Sagart: Rev. C. Murphy who died shortly
after the races. Fábhraidheacht, favour.



XV. C'ráiste, courage.



XVI. Cruaidh-nídh: nó “cruaidh-ghníomh”.



XVIII. Mar: Óir.



XX. Camtha, a crowd, company, troop; now used
here in a bad sense. Abhainn: abha, gen. abhann, dat.
abhainn, with us.



XXI. Treasna, across.



XXII. As chum urraim, &c. : Deir na sean daoine
gur fíor é seo. Tionnluc, escort, accompany.



XXIII. Raintís: The people of Clanlawrence are
so called.



Creidim go raibh rann nó dhó eile ann acht ní thig
liom é d'fhághail anois.



Gurab é sin tagra Phádraig go nuige sin.
Go flaitheasaibh an Athair-Mhic dá bhfaghainn-se triall,
Go bhfaicinn ann an sgafaire nár chladhartha mian,
Ní stadfainn acht ag canadh leis i gcaint na bhFiann
Fá'n racaireacht so sheachaid dam d'á roinn 'na dhiaidh.



Mac Tíre.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services