Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh ar bhás an Athar Risteárd Paor.

Title
Caoineadh ar bhás an Athar Risteárd Paor.
Author(s)
Bheldon, Robárd,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 548


CAOINEADH AR BHÁS AN ATHAR
RISTEÁRD PAOR.



Robárd Bheldon ro chan.



I.
A athair deagh-chroidhigh, is é mo dhainid
An uaill chaoi ro chluinim ar fuaid na
mbailte,
Gach n-aon d'á mhaoidheamh go bhfuil tu marbh
Is do thoigheacht arís linn choidhche sgartha,
Go bhfuil nua-thigheas agus t'árus leapthan
Ins an chill seo thíos taoibh led' athair,
Go fann id' luighe gan bhrígh gan tapadh,
Fé dhubhach na hoidhche agus drúchd na maidne,
Gan luath, mo dhíth, fé chriaidh i dtalamh,
Gan do leigheas ar slighe 'ná súil led' chasadh.



II.
Nior bh'aisling í 'ná fuaim gan éifeacht
'Ná fógradh mná sighe do ghluais tar tréan-
mhuir,


L. 549


Acht litir chúmhach go dlúith fé shéala
D'á fhoillsiughadh dhúinn gur claoidheadh go
h-éag tu,
Gur ghabh dothnámhach féd' bhrághaid le géir-
neimh
Do chuir cúl-lámhach tu ó chaitheamh na héide
Is bhuain dod' threoir tu ar theacht go hÉire,
Mar thagthá roimhe seo i gceann gach féile;
Is crádh tar chrádh an tráth gur léighis
An chluiche dhiombádhach úd do dhul ar na
Paoraigh.



III.
Ar imtheacht do dheirbhshéir tar srúill ar
t-éiliomh
Go cathach cumhach ar thonnaibh théasgach,
B'fhurus di rádh go rabhais-se traochda,
Is ar dhíth do mheabhrach is nár labhair tu léi-
se.
Budh bhochd é a riocht imeasg na gcaoimh-
theach,
'N-a truagh le tochd is a cúis gan réidhteach,
Budh cheasnach í e súil truaighmhéileach
Ar ghéag úrchroidheach de'n bhuidhin ná staon-
fadh;
Sagart cneasda pras deigh-mhéineach
Is prionnsa ceart do phréimh na bPaorach.



IV.
Ar thrácht is cóir, cia liom is mairg,
Noraliath na dtreón go deó fé sgamall,
Gan flaith le féileacht, gan féis le ceannus,
Gan riar na gcléir go séimh mar cleachtadh
I n-ionad gach subha is búird d'á leagadh
Beidh bruit chumha go cumhach ar leathadh,
Beidh smúit is ceó ar phóirse is halla,
Gan teinte teó gan tóirsidhe ar lasadh,
Acht tál na ndeór is osnadh fada
Ag Eibhlín chaoin dhod 'chaoineadh feasda.



V.
Cuirim ad' threoirigheacht naoimh agus aingil,
Peadar agus Pól agus naomh Eoin Baisde,
Mac na hóighe d'fhuiling páis fé pheannaid,
A'cur t'anm' go cóir i leabhar na beathadh,
Suaimhneas sóghach mar lón dod' anam
I gcathair na glóire i radharc an athar,
Cuirim leat fós gach ló mo phaidir
Is mo bheannachd 'n-a dheoidh go deó leat.



Amen.



An Ceangal.
A athair dhil shéimh is é mo chreach
Tu i n-ionad fhuar chaol go tréith fé leac,
Comhartha an éaga ort, mo léan, mar bhrat,
Is do phobal id' éagmuis go lá na mbrath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services