Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus.

Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 504


29 South Parade, Belfast,
an 10adh la de Mhárta, 1900.



A Fhir an Irisleabhair,



Táim ag léigheadh “Foruis Feasa air Eirinn”
le tamall maith, agus tá rud ann nach dtig liom do thuig-
sint i n-aon chor. Ins an ochtmhadh caibidil de'n cheud
leabhar, is é adeir an t-ughdar, ag labhairt ar Ghabháil
Cloinne Neimheadh: — “As é raon 'n ar ghabh Neimhidh ag
tocht a n-Éirinn dó, ón Scitia ar an bhfairrge gcaoil
atá ag teacht ón aigén, dá ngoirthior Mare Euxinum -
as í as tórainn idir an leith thiar-thuaidh don Asia agus an
leath thoir-thuaidh don Eoraip — agus ar an rinn thiar-thuaidh
don Asia atáid Sleibhte Riffe, do réir Pomponius
Mela, a gcomhroinn na caol-mhuire do luaidhiomair, agus
an aigéin thuaiscceartaigh. Tug láimh ndeis do
Shleibhtibh Riffe, go ndeachaidh san aigén budh thuaidh,
agus láimh chlí don Eoraip go ráinig a n-Eirinn.”



Caidé an raon i n-ar ghabh sé? Ní fhuil fairrge chaol
ag teacht ó'n Mare Euxinum, acht amháin an Bosphorus,
agus, má's é an Bosphorus an fhairrge chaol, caithfidh
a lámh dheas do bheith do'n Eoraip.



MAC AN tSEABHACÓRA.



[Is cruaidh do-réidhtigh an cheist do chuiris orainn, a
mhic an tSeabhacóra. Is beag nach bhfuilmíd 'n-ár
gcrannra agat. Is dóigh linn gur tríd a chéile do
cuireadh Sliabh gCaucais agus Sléibhte Riffe ag Pompo-
nius Mela agus ag an gCéitinneach. Má's fíor dúinn, tá
an cheist fuasgailte againn, b'fhéidir. Rud eile, is
dócha nár chuireadar Ríoghacht Rois ar áirimh thíortha
na hEorpa. Tuig gur ar éigin do leigeadh do Rusach-
aibh bheith ar an Eorpacht go haimsir an tSair Pheadair
Mhóir, do chuir ar an áirimh sin iad dá ndeoin nó dá
n-aindeoin. — F. an I.]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services