AN T-UAN BROCACH.
Nuair a chonnairc mé Aodhaidín 'san fhál,
Mar bhí aige fásach ann,
Chuaidh mise 'ionns' air dhe rása,
Mar i ndúil 's go bhfuighinn fárus ann;
'Sé dubhairt sé; “Bí ag imtheacht, a sglábhaidhe,
Ní bhfuighe tú go bráthach uaim greim,
'S mar gceangluighear do chosa lé cnáibe,
Brisfidhear gan spás do dhruim.”
'S nuair a chualaidh Séamus a' t-ármhach,
Thóg sé go h-árd a chionn,
'Sé dubhairt sé; “Tá mise a' cur preátaidhe,
'Gus gheabhaidh tú fáilte uaim;
Siubhail ann bun agus bárr,
'S ghach áit dhá bhfuighe tú greim,
'S ná corruigh amach as an ált,
Go n-éirighe tú láidir ann.”
Ach' gu[r] b'é gur chaill mé mo mháithrín,
Ní bhéidhinn do mo scá'rughadh ann,
Ná shiubhailfeadh sí liom ghach aon lá,
Fríd altáin go bárr na mbeann;
D'fhág sí mise 'mo sglábhaidhe,
'Chois cladaigh i bpáirc a bhí lom,
Tá madaidh 'mo dhiaidh ghach aon lá,
'S tá Aodhaidín gan grásta liom.
Guidhim thú, a Shéamuis Uí Bhaoighill,
'S gur fear thú is buan a bhéidheas beo,
Thug tú domh fasgadh 'gus dídean,
Nuair a bhí mé beag baoideach óg;
Rachaidh mé anonn chum na Heelans,
Go gcaithidh mé mí ná dhó,
'S ar philleadh domh ar ais lé mo phíb,
Seinnfidh mé mí dhuit ceol.
Seo ceann de chuid abhrán “Neididh Mháire”
(Éadhmonn Mac Gaothainn), a bhí 'na chomh-
naidhe bliadhanta ó shoin i n-aice lé Doire-
Leac-Chonaill i dTír Chonaill. 'Sé Micheál
Ó Máille as a' Raithnigh, áit a tá i n-aice lé
Tuaim i Leitir Mhic a' Bháird, a thug domh-sa
an t-abhrán.
D. Ó M.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11