Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus. An Dearbhráthair Bocht agus an Dearbhráthair Saidhbhir.

Title
Seanchus. An Dearbhráthair Bocht agus an Dearbhráthair Saidhbhir.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 493


SEANCHUS.



AN DEARBHRÁTHAIR BOCHT AGUS AN
DEARBHRÁTHAIR SAIDHBHIR.



Bhí beirt dearbhráthar aon uair
amháin. Bhí fear acú a rabh an
iomad saidhbhris aige, agus an
fear eile, bhí se
bocht, bhí a lán
tighe a pháistí
aige, bhí droch-dhóigh ortha
agus cha rabh an dadaidh acú
le n'ithe.



An fear bocht, bhuail se isteach tráthnóna
lá 'ucú. D'iarr se lóisdin go lá. Tháinic
an oidhche. Bhí se ag amharc ar na páistí
bochta.



“Tá an t-ocras ar na páistí bochta,”
adeir se le fear an tighe.



“Chan fhuil neart agam air,” arsa fear
an tighe, “tá an aimsir gann.”



“Gá hé tá 'na chomhnaidhe 'sa' tigh
mór sin thall ná gá leis e?” ars' an fear
bocht.



“Sin mo dhearbhráthair-sa,” adeir fear an
tighe.



“Siubhail leat,” adeir an fear bocht,
“go mbainimid caora as an stoc.”



D'imthigh an bheirt leobhtha. Ghabh an fear
bocht caora maith reamhar is thug se leis í.
Thainic siad a bhaile is bhain siad an croi-
ceann dí. Bhruith siad pota maith feola do
na páistí.



Ar maidin lá ar n-a bháireach, nuair a
d'éirigh an sgológ, chonntais se na caoirigh
is bhí se cionn geárr. Thainic se anall 'uige
n-a dhearbhráthair agus dubhairt se leis gur
goideadh caora aréir uadh:



“Tá sé chomh maith agad a theacht d'á
cuartughadh.”



“Rachaidh mise libh,” ars' an fear bocht.



D'imthigh leobhtha d'á cuartughadh agus an fear
bocht leobhtha. Chuir an fear bocht cos suas
gach aon mhuinchilte. Nuair a bhí siad ag
dul amach ar an gheata, chrom an fear bocht
agus d'fhág se lorg na gcos ins an chlábar.



“'Nois,” adeir se leis an duine uasal,
“nach seo lorg caorach 'sa' gheata?”



Ní'l aon gheata a deacha siad amach air
nachar fhág an fear bocht lorg na gcos ins
an chlábar. Lean siad do lorg na gcos
annsin go rabh an oidhche ann.



“Tá sé chomh maith againn pilleadh a bhaile,”
ars' an fear bocht; “chaill muid lorg na
gcos.”



Thainic siad a bhaile. An oidhche chéadna,
d'imthigh siad is thug siad caora eile leobhtha.
Bhain siad an croiceann dí. Fuair siad


L. 494


réidh pota bréagh dí. Ar maidin lá ar n-a
bháireach, thainic an fear aríst chucú.



“A dhearbhráthair mhoirnigh,” adeir se,
“goideadh caora eile aréir uaim.”



D'imthigh siad d'á cuartughadh agus an fear
bocht leobhtha. Ní'l aon gheata a rachadh
siad amach air nach bhfuigheadh an fear bocht
lorg na gcos ins an chlábar. Nuair a thainic
an tráthnóna aríst:



“Tá sé chomh maith againn pilleadh a bhaile,”
ars' an fear bocht.



Nuair a thainic siad a bhaile 's a shocruigh
gach aon rud, thug siad bológ reamhar
leobhtha. Bhain siad an croiceann dí. Fuair
siad réidh pota bréagh dí. D'ith na páistí a
sáith do'n fheoil. Dubhairt an duine uasal
le n-a mháthair nach rabh 'fhios aige goidé ba
sgéal do go rabh siad ag spórt 's ag
pléisiur 's ag sámhas anois.



“Ársachaidh mise duid,” ars' an mháthair;
“Fagh réidh cófhra mór. Rachaidh mise isteach
'sa' chófhra,” adeir sí; “cuir lón seacht-
mhaine ionn.”



Chuir se a mháthair isteach 'sa' chófhra. Thug
se leis an chófhra is d'fhág se i dtigh a dhear-
bhráthar e. Dubhairt se leis an cófhra choin-
neáil, nach rabh farsainneach aige do 'sa'
mbaile.



Thainic an fear bocht isteach:



“Gá bhfuaras an cófhra seo ná goidé
t' ann?”



“Chan fheil 'fhios agam,” adeir fear an
tighe; “char amhairc me air.”



“Óch! Ó!” adeir an fear bocht; “béidh
'fhios agam-sa goidé t'ann.”



D'fhosgail sé clár an chófhra agus fuair se
an chailleach istigh ann.



”Ó, a chailleach bhradach, bhí dúil agad
sgéala bheith a bhaile leat.”



Fuair se greim feola agus chuir se síos i n-a
béal e, is thacht se í.



I gcionn na seachtmhaine thug an fear
saidhbhir an cófhra a bhaile. Nuair a d'fhos-
gail se an cófhra, fuair se a mháthair marbh
astigh'sa chófhra. Fuair se réidh comhgar agus
d'iolc se a mháthair.



An oidhche chéadna d'iolcadh í, d'imthigh an
fear bocht is thóg se aríst í. Thug se leis
ar a dhruim í agus d'fhág se ag an chruaich
mhónadh í is dhá bhata fúithe. Chuaidh duine
isteach 'uig an sgolóig agus dubhairt se leis go
rabh a mháthair ag an chruaich mhónadh. Thainic
se anuas go tigh a dhearbhráthara.



“Pop! pop!” adeir se le n-a dhearbhrá-
thair, “tá mo mháthair ag an chruaich mhónadh.”



“Ársachaidh mise gad ghéanaidh tú léithe,”
ars' an fear bocht; “char chaith tú leith a
sáithe léithe. Cuir mála maith óir faoi n-a
cionn is mála airgid faoi n-a cosa.”



Chuaidh se a bhaile is chuir se mála óir faoi
n-a cionn is mála airgid faoi n-a cosa 'sa'
chomhraidh. Chuaidh siad is d'iolc siad í.
D'imthigh an fear bocht is d'osgail se an
chomhraidh is thug se an mála airgid agus an
mála óir leis a bhaile, 's an tsean-bhean,
thug se leis ar a dhruim í. D'fhág se 'na
seasamh ag an dorus í agus dhá bhata fúithe.



Nuair a chuaidh an sgéal isteach 'uig an
sgolóig annsin go rabh a mháthair ag an
dorus, rith se anuas an áit i rabh a dhearbhrá-
thair 's an fear bocht:



“Thainic mo mháthair ar ais arís!”



“Ó, má thainic, ársachaidh mise anois goidé
ghéanaidh tú léithe. Tabhair an treas chuid
do do chuid saidhbhreas do'n bhfear bhocht so,
's cha chuireann do mháthair trioblóid níos
mó ort.”



Rinn an sgológ sin. Thug se an treas
chuid d'á chuid saidhbhreas d'á dhearbhráthair
do'n bhfear bhocht. Thug. Chuaidh se is d'iolc
se a mháthair. Cha dtainic sí ar ais níos mó.
Sin é mo sgéal-sa.


L. 495


Tagra.



Dearbhrathair = “dréir” do réir chuir na canamhna
(Fearnmhagh). A pháistí = do pháistíbh. Droch-dhóigh =
droich-shlighe. Ocras = “acras” do réir fhuama.
Muinchilte = muinchille cmh. biotáilte (Ulaidh) = bio-
táille. Pilleadh = filleadh. Chaill muid = chaill
sinn nó do chailleamar. Choinneáil = do chongbháil.
Farsainneach = fairsinge(acht). Comhgar = “comhn-
gar” i bhfuaim. D'iolc = d'adhlaic. D'iolcadh =
do hadhlacadh. Comhraidh = comhra; tabharthach i n-áit
ainmnigh?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services