Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An rud is riachtanaighe

Title
An rud is riachtanaighe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 25, 1899



An rud is riachtanaighe



Caidé an rud is mó riachtnas do'n Ghaedhilg? Sin
ceist atá dhá cur ar dhaoinibh gach uile lá. Budh chóra a
rádh gur ceist í ar a bhfuil freagra dhá thabhairt gach
uile lá, agus ní mar a chéile aon dá fhreagra aca. Deir
an chéad duine gurab é rud is mó atá teasdáil ó'n
nGaedhilg, í theagasg ins na sgolaibh. Ní h-eadh, ars' an
dara fear, acht na sagairt do bheith dhá labhairt ar an
altóir agus ins na h-urnuighthibh. Ní h-eadh, arsa fear eile,
acht na daoine móra bheith dhá labhairt ó's iad is fearr'
do chuirfeadh nós a labhartha ar bun. Ní h-eadh, arsa
fear eile, acht gráiméar maith agus foclóir maith do chur
i gcló dhi, chum go bhféadfadh duine í fhóghlaim ní budh
luaithe.



Ní'l aon rud díobh soin nach bhfuil riachtanach, acht ní
haon rud díobh an rud is riachtanaighe. Tá aon tslighe
amháin chum na Gaedhilge do coimeád ar bun, í labhairt,
agus go mór mór í labhairt sa bhaile. Má leantar
de'n nós soin, tiocfaidh gach ní eile i ndiaidh a chéile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services