Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus. Cad do cham srón firín?

Title
Seanchus. Cad do cham srón firín?
Author(s)
Ó Briain, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 477


SEANCHUS.



CAD DO CHAM SRÓN FIRÍN?



[Ceann de na páipéaraibh do cuireadh i gcóir le
haghaidh comórtais do bhí i bhFeis na Cathrach Oidhche Lae
Coille. Seaghán O Briain, na Líoda, do sgríobh.]



Is minic do chuala mé dá rádh ag
daoinibh “Cad do cham srón
Firín?” nuair bheidís ag trácht
ar chúis gan adhbhar; acht ní raibh
'fhios agam cia'n fáth bhí leis nó
gur innis Frainc O Laoghaire
dham é mar seo:—



Bhí beirt sean-bhan déirce
annso fad ó, bean aca de mhuin-
tir Uí Bhriocáin — Máire Ní
Mhurchadha — agus an bhean eile
Brighid Ní Chonchobhair ós na Chonchobharaigh
Corcomruaidh.



Ba gnáthach leo, bean aca 'fanacht ag
coimeád a' tighe, fad do bheadh an bhean eile
ag bailiughadh na déirce.



Do bhíodar a' maireachdáil mar seo le
tamall maith 'gus sa' deireadh ní rabhadar
a' réidhcheint i n-ao' chor le chéile agus do bhíodar
a' lorg leithsgéil eicínt chun éirghe le n-a
chéile.



Aon lá amháin bhí Máire Ní Mhurchadha istigh
agus do bhí an madra — a raibh mar ainm air
Firín — crosda, agus do bhuail Maire buille
de'n tlúgh air do chuir cor cam na shróin.



Ba le Brighid Ní Chonchobhair an madra agus
nuair tháinig sisi abhaile agus í fliuch, báidhte,
marbh ó bheith ag iomchur an mhála, ní raibh
uaithe acht cúis bheag chun gleóidh agus aighnis a
chuir ar an tsean-mhnaoi eile. Chonnaic sí
srón a madra féin cam agus d'fiafruigh sí cad
do cham srón Firín.



“Mhaise,” arsa Máire, “is mise, agus do
chamfainn do shrón-san á d'aoinne bhaineann
leat.”



“A chailleach bhrodhach, bhrocach,” arsa
Brighid, “nuair ná fuil mé féin chomh láidir
leat, atá daoine muinteardha agam a dhéan-
fadh snaoisín díot féin agus ded' mhuintir.
Atá na Conchobharaigh ó'n Leacht thart thimchioll
go Baile Uí Bheacháin.”



“Atá Conchobharaigh uaisle agus Conchobharaigh
na luaithe ann,” arsa Máire Ní Mhurchadha;
“agus cad é an éifeacht do chuid-se Con-
chabharach bhuidheach imeartha seachas mo
mhuintir-se atá as seo go Cathair Murchadha
agus siar go Cill Chaoi?”



“Má's dóigh leat sain,” ars an Choncho-
bharach, “bíodh do chuid chúngantha agat mí ó'n
lá seo ag Leacht Uí Chonchobhair — sin é an


L. 478


t-ainim do bhí ar An Leacht nó Leath-innse
an uair sin — agus seachain a' mbeadh an
sgéal chomh maith agat féin ná an méid a
gheóbhaidh leat an lá sain.”



Do chaith an dá shean-bhean gach aon lá de'n
mhí do bhí chúghtha a' siubhal idir a muintir féin
ar gach taobh dá saigheadadh suas chun troda;
da rádh leó cad ar a shon a leigidís do'n
dream eile éirghe suas ortha agus gan a
thabairt le rádh do'n taobh eile go leagfaidís
cos ortha nó go mbeidís thíos go bráth dá
ndeinidís.



Bhí go maith. Do bhailigh muintir Uí
Bhriocháin do'n Leacht lá an chatha agus nuair nár
casadh leó annsain muintir Chorcomruaidh,
d'imthigheadar suas gur casadh ar a chéile
iad ar an dtaobh seo do Cill Seannaigh agus
throideadar annsain go raibh a n-urmhór
marbh, agus atáid curtha annsain i Leacht Uí
Mhóinín agus atá uaigh na bhfear dtréan a
caillead i nídh le “Cad do cham srón Firin”
le feiscsint annsain ó'n lá sain go dtí an
lá atá indiu ann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services