Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann

Title
Greann
Author(s)
Ua Loingsigh, Donnchadh,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Greann



Chómhnuigh an Gadhaighe Dhubh i gcríochaibh Corca Laidhe
sa taobh theas de Chonndae Chorcaighe. Fóghluidhe Fairge
dob eadh é. Fomóraigh glaodhtaoi ar a leithéidí seo
sa tseannracht. Bhí an dúthaigh an-oireamhuineach d'á
chúram mar bhí an tír líonta de ghleanntaibh foithineamhla
agus de chuanta clúthmhara chun a chuid foghlach mara do
sholáthar agus a cur a bhfolach. Bhí buachail aige de mhúintir
Súibhne (ní fheadar cad é an sloinne gur daoibh é féin
ach chómh beag leis an nGobán Saoir). D'fhiafruigh sé
dhé cad é an aimsir dobh fheárr chum gaidhaígheachta.
Thug sé an freagra so air:



Reachtaire bodhar agus madra balbh
Tig na buaile air bhruach an easa
Tosach na n-oidhche bheith 'na gealaidh
Deireadh thiar a síor-chuir sneachtaidh.



Bhí an oidhche cheudna ana ghaothmhar fheargach ar an
muir agus dubhairt arís



Gaoth an thuaidh de bharraibh cnoc
A' buaint poc as beannaibh brat
Is iomdha fear ar toínn anocht
Go fíochmhar dreacht a tnúth le teacht.



Bhí gadaighe eile i mBaile-Mhúirne go glaochtaoi
Gadaighe Gobnait air agus tráchtfar-sa cheud uimhir eile
de'n Chlaidheamh Soluis air.



Siúd é mo sgeul-sa. Má tá breug ann bíodh.



Donnchadh Ua Loingsigh
Baile Mhúirne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services