Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann na Gaedhilge. Tiomna Eoghain Uí Mhearáin.

Title
Greann na Gaedhilge. Tiomna Eoghain Uí Mhearáin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Laoide, Seosamh
Contributor
Ward, Owen
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GREANN NA GAEDHILGE.



Tiomna Eoghain Uí Mhearáin.



Sean-fhear a bhí ann, agus é 'na chomhnuidhe ag
á mhac. Bhí an mac pósta, agus bhí lán an tighe
de pháistíbh ag an lánamhain. Bhí an sean-
fhear ag fághail droch-úsáide agus níor mhaith
leis sin. Fuair sé tamall de chupla scór
pontaí, agus nuair a bheidheadh sé 'na shuidhe
amuigh, bheidheadh sé ag conntus na bpontaí
ó láimh go dtí an lámh eile. Chonnaic na
páistí na pontaí aige lá. Rith siad isteach
chum tighe agus d'ársuigh siad do'n mháthair agus
do'n gháid go bhfaca siad na pontaí aige.
Fuair sé an aire ab' fhearr ar bith ó shoin
amach, agus nuair a bhí sé ar leabaidh a bháis,
seo an tiomna a rinne sé:



A chlann chroidhe, ná bígidh ag gearán;
Siubhlaigidh an ród gan bhród gan onóir;
Deanaigidh an saothar agus béidh agaibh arán;
Ní'l airgead ná ór ag Eoghan Ó Mearáin.



NOTE.



The réimhsgeal of the above was told to me by the late
Mr. Owen Ward, of Coolfore, near Carrickmacrass; I
give it with a slight amplification to make the story
clearer. The stanza is given above as I heard it from
Mr. Lucas Morris, Cashlan East. Mr. Owen Ward had
it thus:-



A Chlann chroidhe, ná bígidh bearráideach;
Siubhlaigidh an ród gan bhród gan onóir;
Guidhigigh Dia agus gheobha sibh arán;
Ní'l ciste nó stór ag Eoghan Ó Mearáin.



TAGRA.
Tamall, a loan for a short while; iasacht, if used
here instead, would include the power of expending
the money as part of its meaning. Conntus, verbal
noun of conntuis v. count. In Ulster this appears to
be the word applied to the act of counting, whereas
áireamh, which is equally common, signifies “ennumera-
tion” — e.g., án cuir air an áirimh mé, don't include me in


L. 469


the enumeration or number. Ponta, sing, pontaí, plur.,
are the forms used in Ulster. D'arsuigh, told. Gáid,
father. Onóir = pride in Farney and elsewhere
near it. In reply to some question like Cad chuige nár
labhair tú Gaedhilg leis na bliadhantaibh? a woman in
Drumintee answered Bhí mé ró-onórach. Deanaigidh:
rather teanaigidh as pronounced. O Mearáin is Angli-
cised Marron. Bearráideach, miserable?



S.L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services