'Sé an fáth atá leis an tseanrádh so:
Nuair do bhídheas na mairbh ag dul go brei-
theamhnas is éigean do chách a chortha féin agus
gach nídh do fuair sé go mí-chneasta ar an
tsaoghal do iomchar i n-a láimh leis, go
meadhóchaidhe iad, agus pionús dá reir do
thomhas amach. La dá rabhadar mórán ar an
turus so, do tharla beirt fhear i n-aice a
chéile agus coltar céachta i láimh duine aca, agus
ní rabh acht snáthad i láimh an duine eile.
“Is truagh liom,” arsa fear an choltair,
“tusa do bheith daortha mar gheall ar an rud
beag sin. Tabhair dhamh-sa é agus leagfaidh mé
ar an gcoltar so é; is beag an mheadhochan
do chuirfeas sé ann, acht ar aon chóir glac-
faidh mé leis.” Thug an fear an tsnáthad
dó agus leag sé ar an gcoltar é.
Nuair do thainiceadar i láthair an bhreithimh
do saoradh fear na snáthaide mar nach rabh
aon choir leis, agus saoradh fear an choltair
mar gheall ar an deagh-chroidhe do thug se
dá chomharsain. So é ádhbhar an ráidh.
S. Ua RUAIDHRÍ.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11