Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiannaidheacht - Ar Chruitire Fhinn Mhic Cumhaill.

Title
Fiannaidheacht - Ar Chruitire Fhinn Mhic Cumhaill.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 50


AR CHRUITIRE FHIN MHIC CUMHAILL.
.i. ar Chnaí Dheireóil.



I.
Abhac do fuair Fionn feasda;
do bhí d'fheabhas a mheabhra,
gach a gcluineadh thiar is toir
do bhíodh aige do mheabhair.


L. 51


II.
[An] Chnú Dheireoil ainm an fhir
i n-Éirinn mhóir an taitnimh;
ionmhain leinbhín fá glic glór
dar bha comhainm Cnú Dhearóil.



III.
Inneósad daoibh fáth gan locht,
mar do fuair Fionn an t-abhac:
ba gein tsochair do fríth ann,
aon-mhac logha mic Eithleann.



IV.
Do bhámair i bhfarradh Fhinn
idir Chrota is Sliabh Ban Fionn;
do chualamair ceól gan chol
ar an bhfód i n-ár bhfarradh.



V.
Do bhíomair ag éisteaacht ris -
a cheól níor bha cheól n-eisleis;
beag nachar chuir sinn 'n-ár suan,
an ceól sireachtach síor-bhuan.



VI.
Annsin adubhairt Rí Raini,
Fionn mac Cumhaill Almhaine,
“Cad as a dtige-se a fhir bhig,
sheinneas an chruit go caemh-ghlic?”



VII.
“Tánacas ó Síth Ban Fionn
áit i n-ibhthear miodh is lionn,
is tánacas liom go beacht
do bheith treall id' chomhideacht.”



VIII.
“Do gheabhair seóid is maoine
is ór dearg is deagh-dhaoine,
óir taitneann liom do dhála;
do gheabhair mé lán-ghrádha.”



IX.
Do rad a lámh i láimh Fhinn;
annsin ro ba subhach sinn,
is tugmaid é linn ille, —
do ba caomh ár dtarchuirthe.



X.
Ceithre duirn i n-aoirde an fhir;
trí duirn i n-a chruit chaemh-ghil;
mór tarm na bláithe buige;
binn foghar na caomh-chruite,



XI.
Do radadh chuige ma le
cúig oirfididh na Féinne,
gur fhoghlamsad ceól sidhe
thall ó Chaí go gcaemh-líne.



XII.
Díobh sin mac Seana ma le,
Seanach agus dá Dhaighre,
do rónsad foghlaim go hain,
's do rinne Cuan mac Caraill.



XIII.
Ba ceist le Fionn na Féinne
a abhac gan bhainchéile,
óir níor bh'áil do'n fhior chródha
na mná reamhra ró-mhóra.



XIV.
Adubhair Fionn an flaith mór
go dtiubhradh airgead agus ór
do'n tí uainn do fhionnfadh soin
i n-Éirinn bean, a chosmhail.



XV.
“Beir beannacht , éirigh dot' thig,
a mhic Eoghain ó Amhain,
agus innis dúinn tré spéis
an chrích i bhfuil ré faisnéis.”



XVI.
“Roich go Teach Duinn go hAmhain,
a Fhinn chródha chomhramhaigh;
atá ann is oirfidh dhuit
inghean dan comhainm Bláthnait.”



XVII.
Annsin ro thriallsam go tric
um fhlaith na bhFiann bhfaobhar-ghlic
go Teagh nDuinn d'iarraidh mná
ba móide linn ár meanma.


L. 52


XVIII.
Fuaramar Bláthnait 'san tsíodh.
tugamair linn í go fíor;
ro feiseat tall is-Tigh Mhóir
Bláthnait agus Cnú Dhearóil.



XIX.
Tugmaid uinge d'ór gach fir,
an líon do bhámair d'Fhiannaibh;
i gcoibhche na mná gan locht
do radadh linn do'n abhac.



XX.
Ceithre duirn i n-aoirde an fhir;
trí duirn i n-a chruit chaemh-ghil;
aoirde an bhean más an fear;
ionmhain lánamha láimh-gheal.



XXI.
Lámhgha an domhain ag an mnaoi,
imirt óir, airgid an ghaoi;
leis an bhfear fá mór an modh
slóigh an domhain d'oirfideadh.



XXII.
Ní raibhe ríoghan 'san bhFéinn
ná taoiseach ná flaith go gcéill
ná tug grádh agus maoine
do'n lánamhain lán-naoidhe.



XIII.
Mar do thigeadh doineann dúr
ar an bhFéinn fá ríoghdha rún,
do bhídís ag Fionn fá a bhrat,
Bláthnait agus an t-abhac.



XXIV.
Noca n-fhuil ceól ar talmhain
do neoch badh mhian le meanmain,
an tan do thigeadh dóibh olc,
ní cheileadh ortha an t-abhac.



XXV.
An tan thigeadh maith do'n Fhéinn,
ní cheileadh Bláthnait go gcéill:
Nár shuaill foghar i dtigh óil
acht a gcanadh Cnú Dhearóil?



XXVI.
Trí turchairthe is fearr fuair riamh
Fionn an flaith Féinneach fír-fhial
Bran agus Sgeoluinn gan locht,
Bláthnait ar aon 's an t-abhac.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services