Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiannaidheacht - Fáisdine Finn.

Title
Fiannaidheacht - Fáisdine Finn.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 49


Go gcuiridh an Rí Nodlaic mhaith chugaibh,
agus go gcuiridh Sé tharaibh go maith í.



Fáisdine Finn.



1.
A bhean labhras rinn an laoidh,
Dhá ní is mó do thraoth mé féin:
Tadhbhas damh-sa taidhbhse reacht
Rug mo neart agus mo chéill.



2.
Tiocfa an Tailgheann thar Muir
Meann —
Ní holc leam, ní ba holc damh:
Beinneochaidh Éire fo seacht.
Agus tiocfa an treas caomh glan:
Béidh a mhíorbhaile go bráth
Agus béaraidh cach for neamh.



3.
Béidh na leabhra léighinn ann
Ria réimheas Gall is ré a ré:
Reilge is reigléis ag an rígh,
Budh mór a mbrígh iomaillé:
Budh maith da gach duine táir
Béaraidh a lán i dteagh Dé.



4.
Éistigh re fáisdine Finn
Os an linn agus ná ceil:
Béidh na clocha aolta ann,
Ní ba fann do-ghéantar sein.



5.
Nocha n-éad sin is olc leam
Acht iomad ann na nGall nglas
Gan bheith damh-sa agus do'n Fhéin
Agus mé féin da gcur as.



6.
Béidhid ann garrdhadha Gall,
Agus iomad crann dá gcur,
Agus luibhe dá gcur síos
Is ag teacht aníos ó a mbun.



7.
Tiucfa an t-áird-rí seacha a dtuaidh,
Do-bhéara go cruaidh an treas:
Agus toigéabhaidh a fhearg
Is fuigfidh go dearg an treas.



8.
Éireaochaidh Gaedhil go cruaidh
Eidir thoir is thuaidh is theas:
Is saoth liom-sa nach mé táir
Mar do-bhéarthar gáir na bhfear.



9.
Teilgfidh an t-áird-rí an chloch
Agus budh iomdha och ann;
Is saoth liom-sa nach mé táir
Mar do-bhéarthar gáir na nGall.



10.
Ní fhuireochaidh Gall re a chloinn
Ag dul ina loing tar sál:
Budh ro-bheag dhíobh rachas as
Le hiomad na dtreas gan tár.



11.
Fa Shligeach do-bhéarthar treas
Dá dtiucfa leas nGaedheal nglan:
Is dóigh nach ba mise tair —
Mór is diombáigh liom, a bhean.



12.
Céad salmaire Gaedheal me:
Béaraidh Mac Dé mé for neamh:
Gé do fuaras díobh a lán,
Is beag oram cáil na mban.


L. 50


13.
Is mé Fionn Mac Cumhaill fhéil:
Creidim féin do Rígh na neamh:
Is mé faidh is fearr fo'n ngréin
Gé do rinneas reir na mban.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services