BÁS AN ATHAR EOGHAN Ó GRAMHNAIGH.
OCHADÓN! is é ár sgalladh cráidhte
an sgéal dubhach dubrónach do
tháinig chugainn thar sáile anall
Diardaoin an naomhadh lá déag
de Dheireadh Foghmhair .i. an t-Athair Eoghan
Ó Gramhnaigh d'fhághail bháis ag Los Angelos
i gCalafórnia. Tháinig an sgéal so thar
lear 'na theachtaireacht teintrigh tríd an
gcábla, agus seo mar do bhí:
“Los Angelos
Calafornia.
“D'eug Eoghan Ó Gramhna
“Brannogach.”
Ní túisge fuarthas é 'ná do cuireadh é
chum na gcraobh de Chonnradh na Gaedhilge
atá i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBéal-
feirsde agus i Londain.
Is méala mór linn éag an Athar Eoghan.
Beannacht Dé le n-a anam. Ní fheicfimíd
a leithéid arís go deo na ndeor le méin is
le meanma, le séimhe agus le soibhéasaibh, le
creideamh, le crábhadh, agus le caondúthracht, le
saothar agus le síor-obair, le féile agus le fair-
singe, le géar-chúis, le léigheann agus le fogh-
luim. Ba d'fheabhas a phearsan agus a mhéine
nachar labhair éinneach riamh leis nach dtug
sé spéis agus taitneamh dó. 'Sé rádh an
tseanfhocail ársa “Laighneach Laghach”. Dob'
é sin do'n Athair Eoghan Ó Gramhnaigh.
Fear laghach do bhí ann ó thús go deirea.
Mar sin do fríth riamh é ag a lucht aithean-
tais, ó nachar bh'fhaighte dhóibh a mhalairt ann.
Ní fheadar go deimhin caidé dhéanfaimíd i
n-a éagmuis. Is doiligh do neach an t-Iris-
leabhar so do léigheadh feasda gan an
comhartha caomh úd “E. O G.” do bheith ann
go deo arís. Féach a mhéad de ghéar-chúis
atá 'sna ceisteannaibh úd do cuireadh fá
chló i Meadhón Foghmhair. Sin é an rud is
déidheanaighe do sgríobh sé le haghaidh Iris-
leabhair na Gaedhilge agus is dócha go raibh an
tinneas go trom air an uair sin féin.
Acht is é deireadh ar sgríobh sé chugam is
mó do chuir brón agus buaidhreadh orm. Faoi
cheann lae nó dhó i ndiaidh tuairisge a bháis
do léigheadh dhom i bpáipéar laetheamhail
'seadh fuaras ó'n bposta cóib de “Donahoe's
Magazine, September, 1899”, agus an seoladh
sgríobhta aige féin uirre. Is dearbh liom
gur ar leabaidh a bháis do bhí sé, 'gá sgríobh-
adh dhó. Is é fá ndeara dhó í chur chugam
alt do cuireadh innte uaidh féin .i. “The
House that Jack built”, agus bhí cnaipe shuai-
cheantais le Connradh na Gaedhilge san
Oileán Úr i bhfastodh innte dhá chomharthughadh,
agus a lámh mhín gheal ghrádhach féin do chuir an
chnaipe sin innte. Is amhlaidh dob' fhiú leis
Béarla do chur ar “Murchadh Beag agus
Murchadh Mór”, sgéilín leanbuidhe do
cuireadh i gcló 'san Irisleabhar so, agus m'ainm
féin do luadh 'na leith. Mo mhíle truagh
nár fhéadas mo bhuidheachas do thabhairt dó
tré litir! Tá sin thiar orm go lá na leac!
Is deimhin gur sgríobh sé go bás.
Ionmhuin lámh;
Gan sgíth do bhreactá an bán:
Díomhaoin nocha rabhais riamh
Acht oiread le triar gan támh.
Dá mbeidhinn-se im' fhilidh, ní stadfainn
choidhche dá chaoineadh. Acht fágaim an gnó
sain fá Thadhg Ó Donnchadha do rinne
Micheál Ó Lógáin do chaoineadh comh binn
sin i Meadhón Foghmhair.
Do mheasas contas nó tuarasgbháil do
chur síos ar imtheachtaibh a shaoghail, acht ó
chonnac a shárughadh sain fá chló 'san
“Chlaidheamh Soluis” níor leanas do'n
smaoineadh sain; dar ndóigh, dá gcuirfinn
chuige ní fhéadfainn acht an cleas céadna
do dhéanamh agus gan é dhéanamh comh maith, ó's
dearbh go mbeadh orm nach mór na focail
chéadna do ghnáthughadh, agus barraidheacht do
bhaint as alt an “Chlaidhimh” ar nós ar bith.
Ceapaim, dá bhárr sain, gur fearr furmhór
dá bhfuil 'sa' “Chlaidheamh” do chur síos mar
leanas 'n-ár ndiaidh:
“Rugadh an t-athair Eoghan san mbliadhain
1863 i mBaile Follamhan i bParóiste an
Átha Buidhe i gConntae na Midhe le hais
Chnuic Tlachtgha go bhfuil an oiread sain
trácht air i sean-annálaibh na hÉireann.
Ní raibh aon Ghaedhilg ag a athair ná ag a
mháthair ná ní raibh aon phioc di dá labhairt
'sa cheanntar móirthimcheall. Agus, dá
chomhartha-sain féin, do chualamar é dá rádh
nach raibh a fhios aige go raibh teanga dhúth-
chais fá leith ar aon chor ag muintir na
hÉireann go ndeachaidh go dtí Árd-sgoil
Fhinnéin san Uaimh san mbliadhain 1879.
Ní rabhthas dá múineadh 'sa' choláiste sin,
acht ní túisge bhí a fhios ag an sgoláire óg
go raibh teanga dhúthchais fá leith againn ná
chrom sé láithreach ar a foghluim, agus is é an
chéad leabhar a bhí aige na ceachtanna do
sgríobh Seaghán Pléimionn agus an tAthair
Eoin O Nualláin gur thosnuigh Young
Ireland ar a gcur i gcló i dtosach na
bliadhna 1879. Do bhailigheadh sé focail agus
ráidhte annso agus annsúd ó na seandaoinibh
do bhuaileadh uime i gcaitheamh a shaoirseachta.
Acht ó nach raibh leabair shimplidhe oireamh-
nacha aige agus gan fagháil ar aon chor aige
ar dhuine do mhúinfeadh Gaedhilg do, ní mór
an fheidhm do rinne sé ar dtús.
“Chuaidh sé go Maigh Nuadhad san bhfogh-
mhar 1882, agus d'fhan ann ar feadh sé bliadhan.
Ag foghluim Gaedhilge is eadh ba ghnáthaighe
leis, gach aon uain a bhíodh aige. Nuair bhí
sé ag teacht chum deiridh a théarma 'sa Chol-
áiste, do thagadh cuid de na sgoláiríb chuige
a gan fhios ag foghluim Gaedhilge uaidh.
Rinneadh sagart de san mbliadhain 1889,
agus 'na dhiaidh sin cuireadh síos go Baile na
Cairrge le hais an Mhuilinn Chirr é. Rin-
neadh fear-eagair d'Irisleabhar na Gaedhilge
dhe chum conganta le Seaghán Pléimionn agus
é 'na shagart ins an áit sin, agus as sin suas
ba dhuine de na ceannaibh feadhma i gCúis
na Gaedhilge é. San áit sin leis is eadh do
thosnuigh sé ar chuid de starthaibh na Sean-
Ghaedhilge do thabhairt amach i nGaedhilg
nuaidh, mar atá,“Iomramh Mhaoile Dúin,”
agus “Iomramh Shneadhghusa agus Mhic Riaghla.”
“'San mbliadhain 1891 fágadh an tAthair
Eoghan 'na aonar i gcúram an Irisleabhair
agus san mbliadhain céadna do rinneadh Ollamh
le Gaedhilg de i gColáiste Mhaighe Nuadhad.
Bhí uireasba leabhar orra annsin agus do
sgríobh seisean agus do chuir i gcló i gcomhair
na mac léighinn Graiméar Gaedhilge agus
roinnt de leabhraibh eile. San mbliadhain
1893 do thosnuigh sé ar “Cheachta Simplidhe
Gaedhilge” do chur i gcló san Weekly
Freeman agus san Irisleabhar. Táthar gá
gceannach 'na míltibh.
“B'é an tAthair Eoghan ba leas-uachtarán
Chonnartha na Gaedhilge, agus bhí baint aige
le morán de bhuidhnibh léigheanta.”
Solás na bhflaitheas d'á anam 'san bhea-
thaidh mharthannaigh, agus go raibh trócaire Dé
orainne, an t-iarmhar atá cosmhail le
colainn gan cheann.
AN T-EAGARTHÓIR.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11