Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Aon Do Rinneadh le Maighistir Eoin Carsuel, Easbog Oirir Ghaedheal.

Title
Filidheacht. Aon Do Rinneadh le Maighistir Eoin Carsuel, Easbog Oirir Ghaedheal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 28


AON DO RINNEADH LE MAIGHISTIR
EOIN CARSUEL, EASBOG OIRIR
GHAEDHEAL.



A cholann, chugad an bás;
Tuig féin go bhfuil tú i ndubhchás:
Dáil chosmhail is cás duit;
Tá 'n bás 'san ursain agut.



Creid nach fada uait an t-eug;
Bí-se, a cholann, ar do choimhéad;
Cha mhair an saoghal so acht seal;
A thaobhadh dhuit-se ní dhleaghair.



Imtheacht do chos, luas do lámh,
Creid na ceudfadha re caochládh:
Smaoinigh ar dhaille na ndearc,
Maille ar h' imnidhe 's ar h'éisdeacht.



Ó's éigin duit dul i bhfad,
Feuch id' dhiaidh is feuch rómhad;
Feuch fúd is ós do chionn,
Feuch gach taobh fád' thimchioll.



Feuch an toradh thig amach
Asad-sa, a cholann chiontach;
Do chomhrádh díomhaoin re treis
Ar feadh an domhain díomais.



Feuch na fiacla, feuch an rosg;
Ní glic nach gabh teagosg:
Ó tá sé ar éigin duit i ndán,
Creid an sgeul ó'n sgathán.



Feuch arís ro-mhairg tim,
Pian an anman i n-uaimh ifrinn,
Nach bhfuil fortacht ó'n olc ann
Ort 'san chontracht, a cholann.
A cholann, chugad an bás.



Mac Léighinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services