Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuilleadh Cáine

Title
Tuilleadh Cáine
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuilleadh Cáine



Tá mórán cainte 'san tír so le tamall ar ró-cháineadh
na tíre, acht is cosmhail go mbéidh tuilleadh adhbhair
cainte againn ar an gceist seo gan mhoill. Tá an
t-iomradh amuich go dteastóchaidh níos mó airgid ó
chisteóir Sacsaine, óir siúd is go bhfuil a theacht isteach
ar fheabhas, is móide atá sé ag cur amach gach uile
bhliadhain ag cothughadh airm agus loingis atá ag fás
agus ag meudughadh i g-comhnuidhe. Deirthear go
g-cuirfear ar ais an sé pighne do baineadh de'n tobac
anurraidh, agus go gcuirfear pighinn de bhreis ar cháin
pháidhe, nó cáin teachta isteach (income tax). Tá siad
dá rádh fosda go g-cuirfear cáin ar shiucra, b'éidir.
Béidh an im thríd an mbrochán ar fad linn má baintear
leis an siucra, óir caidé dheanfeadh seanmhná na tire le
na gcuid tae do mhilsiughadh. Acht gan aon ghreann
béidh gach cáin aca so in aghaidh na tíre so. Ní headh
amháin go mbainfidh siad tuilleadh airgid uainn acht
bainfidh siad níos mó airgid uainn 'ná bainfidh siad ó
mhuintir na Breataine Móire, má chomhmheastar an
méid airgid atá againn leis an méid atá acasan.
Is mairg sinn ceangailte le bodach shaidhbhir nach bhfuil
riaghal aige ar a chaitheamh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services