Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes and Queries.

Title
Notes and Queries.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NOTES AND QUERIES.



349. Graifneoireacht i gcloich atá i mballa an team-
paill Gheadhealaigh i bParáiste Chaisléin ua Liatháin.
Le taobh an gheata atá sí agus í ag tabhairt aighthe ar an
teampall féin.



An sruith Símon sa phobal
do chumhdaidh a ccomhobair
(Ar leath gurb saor an sobhas)
an teach do Naomh Nicolas.



Cuididh linn a Choimhdhe choir
gaibh ar hionchuibh an altoir
Só ghoimh gach cáis (a ghlóir ghlan)
fóir tre an bpáis do phobal.



[S]eacht ccéad déag agus deich seacht
(agus) ceithre bliaghna go bithcheart
(D'éis) teacht faigh Nimhe ó Neamh
(dáil) an Tighe don Tailghean.



Tá an méid seo ar lár, do dhruim giota do bhaint
den chloich, 'gá cur do na saoraibh i n-a háit.



Gach focal atá innte, is amhlaidh do graifneadh é as
tóin an fhocail atá roimhe. Ar a shon sin, ó's deibhidhe
atá innte, is feárr í chur mar chíthear thuas í. Tá “Cotter
cct.” i dtaobh na cloiche. — MACTÍRE.



(350.) Trí bliadhna aois na beacha;
Aois thrí mbeach aig an gcoin;
Aois thrí chú aig an each;
Aois thrí n-each aig an duine;
Aois thrí nduine aig an iolar;
Aois thrí n-iolar aig an bhfiadh;
Aois thrí bhfiadh aig an eite (?);
Aois thrí n-eite aig an inis.
Sin í an gheallamhaint a thug Dia do'n t-saoghal.



Got from Charles M'Gill, Meenavally, parish of Ardara.
I got almost the whole of Laoidh na Mná Móire also
from him. — S. S. mac a' Bháird.



351. Prayer said by many families in Donegal in
connexion with the Paidrín Pairteach.



Is mé'n créatur lag faoi ualach throm,
dá mheud mo pheacaidh is aithreach liom;
Aidmhighim creideamh Dé go ríor,
Le grádh mo chroidh' 'gus dóthchas fíor.
Ó choir na croithche glaoidhim suas,
Thríd Iosa ar dTighearna claon anuas.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services