Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo mhallacht ar Chloinn Bhaoisgne.

Title
Mo mhallacht ar Chloinn Bhaoisgne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MO MHALLACHT AR CHLOINN
BHAOISGNE.



Goll Mac Morna adubhairt, agus é ar an gcarraig agus
Clann Bhaoisgne ar a thí agus gan dul uatha aige.



Mo mhallacht ar Chloinn Bhaoisgne,
deireadh oidhche sa charraig;
Do fhionnfadaois mo dhiomdha
Dá mbadh iomdha mo charaid.



Mo bheannacht ar Chloinn Mhorna
d'fhulaing doghra mór n-arracht;
anocht gidh deireadh oidhche,
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.



I bhféagmhais Fhinn ina aonar,
re a fhaobhar do thuit arracht,
olc orm deireadh a ghaoise —
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.


L. 305


Meinic fuaras airc bhruighne,
gé doilghe dhamh sa charraig;
Beathar gom chaoineadh choidhche —
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.



A inghean Chonaill Chruachan
ag a bhfuil uathadh carad,
beir beannacht leat dom chairdibh,
beir go Laighnibh mo mhallacht.



Ní mhair Sgiath-bhreac ma Dathchaoin
gan athmhaoin d'éis mo charad;
Ní mó mhaireas Goth Gaoithe —
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.



Fuaras colpa dóimh allaidh
uadha, is dob' aisgidh charad —
mo sheacht mbeannacht a ar Chaoilte
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.



Diomdhach mé de Chloinn Rónáin:
ní mhair mo mhórán carad:
ag sin deireadh mo laoidhe —
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.



Ar dteacht Phadraig sa Bhanbha
ní bhiaidh na hadhbha arracht:
fágaim fa a chomhair m'fhaoilte —
ar Chloinn Bhaoisgne mo mhallacht.



Mo Mhallacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services