Confession of Ineen Duv, Mother of Tyrconnell, made
to the Bishop of Derry (George Montgomery)
Biodh a fios agad, a tigerna, gur b' amlaid so do
triall Niall garb O Domhnaill agus O Dochartaigh adol a
tres anagaidh a righ .i. do geall O Dochartaigh Doire agus
an cuil mhor do buain amach, agus do geall Niall Domhnall
mac Cuinn a cur do gabail libhir, agus he fein agus Aodh buidhe
do buain Bel Ath senaigh agus dhuin na ngall amach, agus do cuir
se an Dubaltach mac an giolla duib agus meid airigthe do
soideoirib do cuidiugad le hO nDochartaigh agus le hagaid
leth edala Doire; agus do geall Niall leth eadala na
mbailte sin eile do thabairt d'O Dochartaigh. Agus gur be
ni do bhac do Niall gan a chuid fein de sin do crichnugad
mar nach rug a mac air as baile ath cliath annsan am ar
shaoil se Donnchadh buidhe O Siaghail da goid cuige; agus
tuille eile do chuir Niall Aemunn O Maeilearcaidh agus Domh-
nall fanadach con na cuile moire, do gabail ranna annsan
airgad, agus tarese an tairged do roinn, do cuirsiad a
ttronc he agus tuc siad fein eochair an troinc leo; agus do
bi Diarmaid mac Daibeid agus buachaill Ui Dochartaigh .i.
Feilim mac Cormaic mic Daibheid leo sios le h<agaid>
an airgid do tabairt doib. Agso modh eile ar geall
Niall seirbhis do dhenamh ar muinntir an righ; do cruinnidh
aroibh umhal do fein a ttir Conaill agus do ruc se leis go
cruachan iad, agus do iarr se sir Ristart leis do dhenamh
seirbise air O nDochartaigh; agus da bfagad se leis iad
as e ni do bi se ar ti a denam he fein agus O Dochartaigh
do cumasg orrtha agus sir Ristert do gabhail, dfechain an
bfuigsed se a mac as, agus aroibh na cuidechta do marbad,
agus baile lethbir do beth aig Niall. Tuille daingnigudh edir
Niall agus O Dochartaigh; do bi baile berta agus tigerndus
Ui Domhnaill ar inis eogain teacht con Neill an fad do
tiucfad leo fein a cosnamh. Agus biodh a fios agad
a tigerna nach l<eiced> egla ar nanma duinn a lethide
sin do cur ar duine ar bith mun<a> beth go bfuil a der-
bhad aguinn.
I<nghin> Dubh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11