Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gnása Cainte.

Title
Gnása Cainte.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Gnása Cainte.



Gnó
Déin do ghnó féin.
Tá droch-ghnó idir lámhaibh
agat.
Muna bhfaghair gnó, déin
gno.
Gnó cleamhnais atá acu.
Gnó léighinn.
Gnó ealadhan.
Gnó ceirde.
Gnó táilliúra.
Gnó ceannaidheachta.
Gnóthaidhe Léighinn.
Gnóthaidhe Eaglaise.
Gnóthaidhe Creidimh.
Gnó an fhir thall.
Gnóthaidhe puiblidhe.
Gnóthaidhe príobháideacha.
Gnóthaidhe iasachta.
Gnóthaidhe 'sa' mbaile (nó
ag baile).
Gnóthaidhe feisireachta.
Gnóthaidhe miltneachta.
Gnóthaidhe cogaidh.
Gnóthaidhe luingeas.
Gnó sráide.
Gnó tuaithe.
Gnóthaidhe móra.
Gnóthaidhe gan tairbhe.
Gnóthaidhe gan bhun gan bharr.
Gnóthaidhe poiliteacha.
Gnóthaidhe gan chéill.
Gnóthaidhe gan mheabhair.
Gan ghnó gan obair.
Ag imtheacht an lá so, acht
feuchaint an bhfeicfeadh
sí Seaghán Buidhe.
Gnó abhrais.
Caidé an gnó atá agat
ann?
Caidé an gnó atá agat
de?
D'aon ghnó is eadh do
rinneas é mar olc air.
Tá gnó nách é agam.
Gnó tábhairne.
Is leamh an gnó dhuit é.
Obair theampaill.
Obair lámh.
Obair innill.
Droch-obair.
Obair shnáthaide.
Obair ealadhan.
Is deas an obair í seo!
Is maithé mo ghnó ag
tuitim libh!
Is fearr beith diomhaoin
'ná drochghnóthach.
Droch-ghnó.
“Déin arís mé!” adeir
an droch-ghnó
Obair.
Obair shaothruightheach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services