Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Bardic Poem of Diarmuid Mac an Bhaird

Title
A Bardic Poem of Diarmuid Mac an Bhaird
Author(s)
Mac an Bhaird, Diarmuid,
Compiler/Editor
Hughes, A. J.
Composition Date
1647
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1993)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TRUAGH AN CORSA AR RÁTH NA RÍOGH



Diarmuid Mac an Bhaird cc.



Truagh an corsa ar ráth na ríogh,
anosa ní dáil nach dúr,
dá lucht gráidh is damhna déar,
mo sgéal cráidh mar tharla an túr.



San mhóiriosdadh síthe sunn
do chínn an tóicheasdal trom,
san fhoirgneamh dob orra d'fhann,
clann Cholla na ccoilgshleagh ccorr.



Do chrích mo phudhar an port;
do chínn a nuraidh i neart
maicni Oirghiall - drong nár dhocht -
sonn ó ghort troimghliadh ag teacht.



Bró mhíleadh badh dathta dath
do chínn san mhaghsa go moch;
do chínn lá 'na chonair chreach
gé tá an teach 'na chodhail chloch.



Do chínn imirt, meanma mhór,
ealbha do lingeadh gach lúdh,
thallain isin ráith dá riar
'garbh annamh triall cháich ar ccúl.


L. 73


Do chínn, gan deabhaidh ná dáil,
a mbíodh do cheanuibh dá chóir;
'na taoi anos gé tarla an tír,
do chínn faghla a bhos ó Bhóinn.



Mór bhfile an tráthsa ar gach taobh
fa thásc an tighesi ag triall
's é aniodh gan aoibhneas gan ól,
saoirlios 'gar mhór cion na gcliar.



Ag ua Eochaidh - far mhín muir -
do chínn eachraidh do chínn coin,
gé tá diamhuir d'aithle an fhir,
san fhaidhche ghil ghrianuigh ghloin.



Do chínn fighe meachta ag mnáibh,
san tighsi, ler dheacra dréim;
do chínn os uamannuibh óir
san sídh móir snuadhannuimh séimh.



Créad acht raibhthe dhéanta déar,
ro budh béad gach laithe a luadh,
lios gan uisge ráth na ríogh,
go bráth do bhríogh tuigsi is truagh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services