Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Carolan and his Patrons in Fermanagh and Neighbouring Areas

Title
Carolan and his Patrons in Fermanagh and Neighbouring Areas
Author(s)
Ó Cearbhalláin, Toirdhealbhach,
Compiler/Editor
Trimble, Joan
Composition Date
1738
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Plangstai Mhic Uidhir
Planxty Maguire



Racha mé ar cuairt suas fá'n tír seo,
Feách an planda ó dhream na ríogha,
Duine lerab' anmhail leis fíon agus ceol
Agus a bheith aige do ló 's do oidhche.



Go mairidh sé a bheatha ag seasamh cliú na bhfear,
An t-ógánach lér mór mo mhian,
Cuchonnacht mac múinte cródha cliúteach
Cosanta prontach fáilteach.



Ar ndóigh níorbh iongna ceolta sídhe,
Lucht ag ól fíona is gach uile dhuine i n-aice.
Is aite liom mar tá sé, cúirteóir sáimh é,
Coraidhe gan tlás é i n-aimsir gleó.



Cuchonnacht mhac Briain, croidhe gan chian,
Níor náir liom a insinn, tá sé cinnte.
Go mba fada bheidh sé beó le sláinte mhór,
Go bhfeice mé pósta an sár-mhac.



Is ádhbhar gáire do mhnáibh na Midhe
An t-árd-shaoi shéimh do thárla 'n-a slighe.
Níl baintighearna shéimh ó Bhóinn go h-Éirne
Nach bheadh 'n-a dhiaidh do ló 's do oidhche.


L. 38


B 1718-19 18T
MAIGHISTREAS CÓL



Is aoibhin sáimh a's is suairc gach lá
Planda an tséin nár léar léi ach sport,
Maighre na súl glas, péarla na lúb cas,
Is léithese dúiscfidh an Chúirtse ó bhrón.



Cúl na mbachal deas fáinneach,
Rún gach duine sí an stáid bhean
Is éifeachtach binn í, is léidmheach grinn í,
Siúd i an leanbh a shiolúigh ón aicme 'en ard-fhuil mhóir.


L. 39


Réir mar deir gach uile dhuine i n-éifeacht intleacht,
Is tréitheach binn bhéasach grinn cheart a glóir:
Madame Cole sí is sgafánta
Jean dheas is galánta sí mo mhian ar mhnáibh.



Ce bé bheadh tinn san áit so,
Muna bhfuil duine bhí milte ó náduir,
Leighistear sa 'chúirt seo, sin éifeacht na cúise,
Líon anois an ghloine is biodh a sláinte gá h-ól!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services