Mion-Chomhradh
Gaedhilge. III.
[A haon (1) is comhartha
do'n chéad-rádh, a dó (2) is
comhartha do'n fhreagra.]
Deun.
Déan éisdeachd (= éisd).
Déan gluaiseacht (= glu-
ais).
Déan stad.
Déan do bhéal do dhúnadh.
Déan aire (do) thabhairt
dod' ghnó féin.
Déan gan bheith 'am bhodh-
radh.
Déan na ba do chrúd.
Déan an capall do ghabháil.
An ndearnais an doras
do dhúnadh?
An ndeárnais an teine
do choigilt?
Ar chuiris amach an gadhar?
An ndeárnais an doras
do dhúnadh air?
An ndearnais an císde?
An ndearnais é (do)
fhuineadh go maith?
Do rinneas.
Ná déan goid.
Ná déan marbhadh.
Ná déan dearmad.
Rinne mé dearmad air
sin.
Déanaidh bhur ndícheall.
Ná déan dá chuid ded'
dhícheall.
Tá sé ag déanamh orainn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11