Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann na Gaedhilge.

Title
Greann na Gaedhilge.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Greann na Gaedhilge



Cosa.



Maighisdir agus a bhuachaill a bhí a' dul
fé dhéin aonaigh, agus b'éigean dóibh
fuireach i dtigh ósda. Ní raibh le fághail
annsain acu acht aon leaba amháin, acht
dubhairt an maighisdir ná leomhfadh
sé do'n bhuachaill codladh i n'fhochair
féin. “Má 'seadh” arsa'an buachaill,
”bainfead-sa an baile amach.” “Fan,”
ars' an maighisdir, “agus is féidir leat
luighe ag cosaibh na leaptha.” Chuadar a
chodladh agus deireadh an bhuachaill gach aon
leath-uair as sain go maidin, “Dar ndóigh,
a mhaighisdir, má táim-se ag do chosaibh-se,
taoi-se ag mo chosaibh-se.”



Gal.



Thabharfainn gal do'n té thabharfadh gal
dam nuair bheidheadh gal aige agus gan
aon ghal agam, acht an té ná tiubharfadh gal
dam nuair bheidheadh gal aige agus gan aon
ghal agam, ní thabharfainn gal do nuair
bheidheadh gal agam agus gan aon ghal aige.



NOTAIDHE.
Gal. .i. gal píopa.
I dtaobh "leomhfadh" thuas ní'l dho chuntas agam ar
an bhfocal acht gur mar sin a sontar i gCiarruidhe é.



Diarmaid O Foghludha.



[Leomhfadh, in the literature leomhadh is the 3 sing. cond.
of lámhaim, I dare, fut. leomhad, cond. leomhainn. -
Ed. G.J.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services