Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht Laighne Mhóir ar an bhFéinn.

Title
Teacht Laighne Mhóir ar an bhFéinn.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEACHT LAIGHNE MHÓIR AR AN
BHFÉINN.



Lá dá rabhamar i nDún Baoi
Fianna Éireann, líon ár gcuraoi,
Ag coimeád an chuain, gér dheacair,
Ó Chairbre lonn Lifeachair.


L. 164


Gheárr do bháairne mar sin,
A mhic Chalpruinn, a chléirigh,
Go dtáinig chugainn Laighne Mór,
Aon-mhac áirdríogh na bhFómhar.



Trí caogaid bliadhan roimh sin
Nach deachaidh laoch dínn tar muir
le heagla fíocha an fhir mhóir,
A chléirigh léigheas an chanóin.



Ar dteacht dó anoir a hAlbain,
Budh clos ar feadh na fairge
Iomradh a láimh an fhir mhóir,
Ó bhuille rámha an fhomhóir.



P. A mhic inghine an Deirg,
Beannacht ar do bhéal gan cheilg,
Agus innis dúinn mar sin
A ndeárnabhar féin 's an fear-sin.



O. Do leag seisean a sheol
I bportaibh díleann i ngar dóibh,
Is do léig a eachradha amach
Ó' n-ainmnighthe an t-ollmhach.



Budh é budh claidheamh catha
Do'n mhac-sin an árdfhlatha
Luirgfhearsad do'n iarann fhuar,
Trí chéad caor iarainn 'na leath-bhruach.



Do bhí coimeád fá'n lorg mhór
Lomlán d'airgead agus d'ór,
Is do chlochaibh loghmhara oile
D'uaislibh Tíre Tarngaire.



Iar dteacht dó sain i dtír,
Béiceas ar mhodh nár mhín,
Ag iarraidh mórthroda do'n fhear,
Agus teangmhála do'n mhíleadh.



Ní raibh aon laoch ar an bhFéinn
Againne truagh ná tréan
Nach tiubhradh sé d'ár n-uaislibh
Tuitim ar a thuarasdal.



Is í comhairle do rinn Fionn
Le Mac Móirne na mbéimeann
Dul go puball an fhir mhóir
I riocht fileadh i gcéadóir.



Do ghluais agus Fearghus amach,
Cnú dheireoil agus Bláthnaid,
Go ráinig siad an phubaill chóir
Iona raibh mac ríoch na bhFomhór.



Beannuigheas Fionn do'n fhear mhór,
Agus Fearghus go binn dóibh,
Is ní fhacadar thiar ná thoir
D'uillphéist riamh a shamhail.



Suidheas 'na phubaill annsin
D'onóir reachta na bhfileadh;
Cuireas Feargus dá láimh chlí
Agus Fionn féin dá dheas-taoibh.



Baineas an rí fá n-a bhrat
Cnú dheieoil agus Bláthnaid;
Seinnid ceol sidhe agus suain
Le' ngabhadaois draoithe deagh-shuan.



Fiafruigheas mac Cumhaill fhéil
Do'n óglách uathmhar áidhmhéil,
Cáide t'ainm bunaidh go beacht,
Nó an tír i bhfuil t'imtheacht?



Mac ríogh na bhFómhórach thoir
Mise, a fhile uasail iodhain;
Laighne Mór m'ainm bunaidh
Re cur gliadh gach aon-churaidh.



Innis dúinn, a churaidh chalma,
Do ráidh Fionn fá mór meanma,
Créad an fáth fá' dtige anoir
Go hÉirinn álainn isgaigh?



Inneosad féin duitse sin,
A fhile uasail ionmhain,
An chúis 'n-a dtánag óm' thigh
Go hÉirnn iasgaigh iubhraigh.


L. 165


Fir Éireann do bheith umhal dam,
'S a gcíos do chur chugam gach bliadhain,
Nó gan síol duine d'fhágbháil
I nÉirinn iath-ghluis fhód-bháin.



Iomdha laoch reomhat riamh
Táinig go hÉirinn ag iarraidh giall;
Neach díobh níor fhill tar ais;
Is duitse atáim da aithris.



A dtáinig chugaibh anoir,
'S a raibh i nÉirinn reompa sin,
Ní thiubhrainn áit suidhe d'fhear
D'eagla comhraic do dhéanamh.



Fiafruigheas an curadh calma
Do na draoithibh go deagh-amhra,
Cáide an díol is díol díbh,
A chuideachta álainn ain-mhín?



Do gheabha sibh airgead agus ór,
'S gach ní is áil le bhar n-onóir;
Do gheabhthaoi uainn gach airgid,
Cárideas uaim is cádhas.



Draoithe sinne lán d'eagna,
Do ráidh Fionn da fhreagra;
Cádhas uaitse dhligheas sinn;
Ar h' oineach is é d'iarraim.



Do gheall sé go dtiubhradh sin,
Cádhas do'n chléir go cuibhidh;
An feadh bhiad im' bheatha(idh) abhus,
Is dearbh nach éarfad éigeas.



Tabhair do bhriathar leis sin,
Do ráidh Mac Cumhaill ó Almhuin,
A bheith díleas dearbh dúinn,
Is dá ngabhann linne d'Éirinn.



Tug sin a bhriathar gan gó,
An feadh do bhiadh fé beo,
Gearán draoi ná tiocfadh 'na theagh,
Cíos ná cáin ná cobhlach.



Mithid duit imtheacht tar ais;
Dearbh go ndeárnais do thuras;
Liomsa anois ghabhas Éire;
Is mé Fionn flaith na Féinne.



Má's tú Fionn na Féinne,
Do ráidh Laighne lán d'fhéile,
Ní thugas briathar rem' ais,
Ácht do dhraoi gan ainbhfeas.



Draoi mise, a churaidh chalma,
Is feárr d'fhile i nInis Bhanba;
Mo ghliocas níor sháruigh neach
D'ár thaisdeal an bith braonach.



Ag aighneas riot ní bhiad féin,
A Fhinn Mhic Chumhaill airm-ghéir;
Ó thugas briathar go ngaoi,
Déan riot síoth i gcomhnaidhe.



Air sin do rinn síoth go cóir
Fionn Mac Cumhaill Mac Tréanmhóir
Dó féin is d'Éirinn uile;
Budh mhór an gliocas d'aonduine.



Do thomhais Fionn a gan fhios dó
An t-óglach gan iomargó;
Budh áidhmhéil le n'aithris duit
Fad an óglaigh 's a leithead.



Seacht gcomhfhaid Fhinn gan bhréag
Do bhí i Laighne láin-thréan,
'S a dhá chomhfhad ar tarsna;
Budh uathmhar an fad d'aon-phearsa(in).



Táinig Fionn i gceann a shlóigh;
Beireas leis fíon agus feoil;
Eire ghorm air sin do líon
D'fhíon Spáinneach is do bheoir chaoin.



Do radadh aoidheacht do'n fhear thréan;
Ní chualais a chomhmhór, a naeimh,
An oidhche-sin go beacht
Le ceol is le cluichigheacht.


L. 166


Do ghluais ar n-a bhárach uainne
Tar na tonnaibh taobh-uaine;
Céileabhras do'n Fhéinn a bhus;
Ró-bhuidheach iad dá thurus.



Do bheirim duitse mar mhóid,
A Phádraig táinig ó'n Róimh,
Nach raibh sinn ná Clanna Cuinn
I dteannta riamh budh mheasa linn.



Is mé Oisín do bhronnadh ór
Do ghrádh ná bhfileadh 's 'na n-onóir;
Is truagh anocht mar atáim
Ag smuaineadh air gach aon-lá.



Gluais ar an laoidh-se thuas.



1. Dún Baoi: I n-aice Bhaile an chaisleáin Bhéara
atá an dún-sa; mo chradh géar! nach ró-chuimhin liom
Pádraig Ua Laoghaire (beannacht Dé le n-a anam!) dom'
thabhairt-se leis dá fheicsin lá breághdha foghmhair, agus sinn
araon ag déanamh iongantais de na clochaibh móra atá
ann. Gcuraoi .i. gcuraidh, nó gcuradh ó cheart.



2. Iomradh a láimh: Ní fheadar cia aca atáid na
focail-se thíos 'na gceart agam nó ná fuilid; "Iom-
radh lámh" atá i leabhar de'n dá leabhar lámh, agus "a
iomraidh a láimh" atá 'san leabhar eile.



3. Ollmhach: Ní'l 'fhios agam caidé an bhuin-bhrígh atá
'sá' bhfocal-sa. An féidir gurab ionann é agus uillphéist
.i. Laighne Mór? Ceapaim gurab é an focal oll is
fréamh dhó go háirithe.



4. Caor: Atá an focal-sa ar lár i leabhar de na
leabhraibh úd.



5. Ní mar a chéile an dá láimhsgríbhinn do leith na
cead choda de'n rann-sa. Seo í an chuma eile atá air:



Beannuigheas Fionn do'n fhear,
Agus Fearghus dob' aoibhinn dreach.



6. Reachta: "seacht" atá 'san dá leabhar annso.
B'fhéidir gurab é an uimhir iolraidh atá dá cleachtadh.



7. Cáidhe .i. caidé. T'ainm: "ainm" atá in gach
láimhsgríbhinn díobh.



8. Fá' dtige .i. fá dtigir. Ar an gcuma gcéadna
deirthear deire nó deiri i nIar-Mhumhain fós. "Fá a
dtígh" atá i leabhar aca.



9. Go deagh-amhra .i. go flaitheamhail fíor-uasal.
"Co ndeadh-mheanma" do réir chinn aca. Ionann an
chéad "díol" agus íoc, agus dóithin is ciall do'n dara
"díol."



10. Cáirdeas uaim is cádas: Nó "Gach ní atá oraibh
in bhur (n)-easbaidh," má's rogha linn a mhalairt seo.



11. Ná tiocfadh: "ná" do fuaras annso, agus "nách"
(dhá chur i n-ionad "ná"?) in gach áit eile. Cobhlach:
ionann so agus "cabhlach" nó "cabalach," a tribute, a
rent. - O'R.



12. Déan .i. do-ghéan nó déanfad (?)



13. Air sin .i. iar sin. Atá an abairt-se láin-bheo
fós i nIar-Mhumhan. Dó féin: nó "Do'n Fhéinn."



14. Iomargó .i. méadughadh, bréag (?). Oglaígh:
"oglaoicc" atá 'sna láimhsgríbhnibh.



15. Do radadh .i. tugadh. Is inis an focal-sa dá
thaithighe 'san Mhumhain. Cluichigheacht .i. ag imirt
cluichthe.



Sliocht dhá leabhar lámh Fiannaigheachta atá i leabhar-
lann na hAcadaimhe Eireannaighe Ríoghamhla is eadh
an laoidh-se. Ceapaim gur beirt de mhuintir Longáin
do sgríobh iad 'san mbliadhain 1850 nó fá'n tuairim-
sin. Dá mhéad dár chuireas i gcoimhmheas le n-a chéile
iad, is amhlaidh is lugha de dheifirigheacht do fuaras
eatorra.



Mac Tíre.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services