Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Magaidh Láidir.

Title
Magaidh Láidir.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Magaidh Láidir.



I.
Seo dhaoibh sláinte Mhagaidh Láidir
Le'r mian grádh a chríche!
Is ní'l áit ó'n Rút go Máigh
Nach bhfuil sa' tsláinte chéadna;
Má mhiannaid páirt an fhial-bhalcáin
Bhiataigh bhráithrigh bhríoghmhair
Is fhuathas tráth gach fuar iomradh
Ar chuallacht bhreágh na tíre.



II.
Sláinte Uí Néill, Uí Dhomhaill chléibh,
Is sliochd na hÉirne ríoghdha,
Is gach a bhfuil beó sa' Mhumhain mhóir
De shliochd an ró-mhic Mhíleadh;
Gach a bhfuil i dtalamh aicme Mhaine,
Slán tré shearc do'n taoibh sin,
Is Laighean na lann, ba bhríoghmhar teann
I maoin, i gclainn, 'sa ndíoghladh.



III.
Líon an mheadair do'n Árd-easbog,
Grádh agus searc na ndaoine;
Líon an mheadair do'n athair Peadar,
Seo an teagasg fíre;
Dhá chuach, trí copáin, do'n athair Tomás,
Is binn a chomhrádh díleas;
Stiall is cana do'n athair Ceallaigh,
Dia dá theagasg choidhche!



IV.
Líon an sgála, seo dhaoibh sláinte!
Ulataigh dhána is Muimhnigh;
Sláinte Laighneach, an luchd meadhrach,
Is Connacht na maighdean sgiamhach!
Líon an chatha leis an sgála-
A mbreall go hárd ar dhaoithibh
Le'r mian Éire chlaoidh go héigceart!
A Dhia, bí tréan le Gaeidhealaibh.



V.
Gach neach nach ólfadh, chlaoidh 'gus brón air,
Sláinte chóip na hÉireann!
Míle gráin air, sgian 'na gháradh,
Pian is plágha Éigipt!
'S gach neach nach iarrfadh an aire chéadna,
Go raibh na piasda ag créin air,
Is é ar misge ó chaol-uisge,
I ndólás bruide is péine!



VI.
Muc, im, balacán, sógh gach soláthair,
Óig-fhir iomlána Gaedhealach',


L. 148


Féasda fíre clanna Mhíleadh,
Is féasda croidhe na féile,
Fleadh do sháruigh fleadha na n-ársadh
Is uile dhóimhna nDéithe,
Fleadh na n-uasal 's a mol-chuallachd,
Féasda buan Mhílésius.



VII.
Déanam gáirdeas, cosa i n-áirde,
Dar nDomhnach táim-se ar misge!
Damhsadh Muimheach — fá gcuairt — thríd
linn-
Seo an t-aoibhneas clisde!
Féach-sa Úna 's Brídhid shúgach,
Mór a gclú sa' rinnceadh!
Fearghal, Dúnlaing, Neachtain clúiteach,
Go raibh a súgradh cinnte!



VIII.
A Dhiarmaid, gluais, 's a Thaidhg, ar luas!
Seo an suairceas aoibhinn!
A Chathail mhóir, a Dhomhnaill óig,
Seo pléidhe is spórt, dar m'fhírinn'!
Caitríona ann go bríoghmhar teann,
Mór is Meadhbh is Béibhionn;
Tá Rós ag rinnceadh, cóip 'na timcheall-
Ól! ól! is compáin chléibh so!



IX.
A Aonghuis óig, a Mhághnuis bhuidhe,
A Mháible bhinn, 's a Shíle,
Le ceól a mbéal chuir ceóigh ar chéad,
Gan bhrón nó éad a ndaoine!
Seinn dúinn steanncán, píob is triompán-
Seo an chomhgháir ghleórach!
Súd ort, a cháirdeas! Dia gach lá leat!
Dar fiadh! is breágh an spórt so!



X.
Seo ort, a Chéin! is binn do bhéal-
Tá an balcán breágh bhríoghmhar,
Do'n bhalbh bheir géim, do'n bhacach léim,-
'Anam chléibh! is bruighean so!
Leag an stróinse! síos fá'n mbórd leis!
Budh so an foghmhar síobhraidhe!
Is mise féin mac fíre Uí Néill
Bhí ar Éirinn ag ríoghadh.



XI.
MacCarthaigh Mór, O Briain ná slógh,
Mo ghaol gan cheoigh na tréin-fhir,
MagAonghuis Iúbhair, MagUidhir ná rún
Ó Inis chlúiteach Éirne,
Ó Ceallaigh cléibh, Ó Conchubhair tréan,
Sliochad Bhranduibh an Ruaidh-Shléibhe,
Ó Duinn an fear, Ó Mórdha mear,
Mo ghaol ar fad na déigh-fhir!



NOTES.
1. Magaidh Láidir means "Ireland".


L. 149


IV. Sgála, bowl. Cáta, evidently a drinking vessel.



V. Cóip, band or squad. Gáradh, O'R gives garr,
offal, so gáradh may mean intestines. Aise, wish?



VI. Clanna, nom. pl. for gen. pl. clann. Dáimh, a
festive company. Mol-chuallachd, assemblage.



VII. Fá gcuairt - thríd linn, "turn about, pass
through," describing the dance.



VIII. Compáin = compánaigh, comrades.



IX. Gan brón agus c., "without giving cause for offence
or jealousy to their own friends."
Steanncán or streanncán, a tune.



X. Is bruighean so! Here's a fight! Budh so agus c.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services