Míle seacht gcéad agus trí fichid
De aois Mhic Dé dhá bhliain da dhíoghbhail
O chuaigh scathán na nGael a bhí in èideadh Chríosta
Ins an chriaidh is céad faraor è.
Do bhí críonnacht Sholaimh in eochair na cèille
Fèile Eochaidh a chothuigheadh na héigse
Hector is Paris Troilus Ganimedus
Achilles Hercules a d'iomchradh na slèibhte.
A ghríos-ghártha le éin-lasair thugas fíor-thaithneamh
is spéis dot dháil
Sgo bhfuil claoidhe ceathrair in gach bhi-bhachall ó
phréaimh go barr
do bhíoch ganna do phíob sneachta do chlì chreapaill
Gaoidhil is Gaill.
'Snach dith leatsa an caoch caite bheith i bpéin deacair
dol a dh'éag dot gheall.
Gluais a Mhoillí is tar dom fhéachain
Is racham ar aon fan Triúcha síos
Mar a bhfuighimid ubhlaí is caora caorthainn
Is cnó buidhe maola ar bharra craobh
Leabaidh ghlas den duilleabhar fhéithleann
An lon is an smaolach ag canadh de shíor
An míol buidhe beag ar a chois ag léimnigh
Is gadhair béil-bhinn a fan ....
Is binn guth eala as loch ag éirghe ann
Is binn guth gadhar ann 'siad ag sladadh glean
Is é beatha as meadra maola
Seinm téada is ceolta sidhe
File ceart ag labhairt Gaedhilc
Is ceist dá réiteach idir na draoithe.
P.O.M.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11