Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gníomhartha an Chait Ghlais.

Title
Gníomhartha an Chait Ghlais.
Author(s)
Ó Caoindealbháin, Séamus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Gníomhartha an Chait Ghlais.



Séamus Ó Caoindealbháin ro-chan.



[Alt é seo de'n dán darab ainm “Oidheadh
an Chait Ghlais” nó “Eachtra an Chait” do
rinneadh 'sa bhliadhain 1813. Is follus ar
a n-abrann sé féin 'san dán gur i gcomhur-
sanacht Eatharlaighe i gConntae Thiobrad
Ára do bhí an file i n-a chomhnuidhe an tan
sin]



1.
Ní raibh cat chomh breágh leis i gClár Luirc
aoibhinn,
Na a shamhail le fagháil ó thráth na díleann;
Bhí croidheamhail láidir álainn gníomhach,
Is monuar go bráth mo pháinteach claoidhte.



2.
Níor dhíon do'n ghall-luich poll nó áirse
Ar theacht na Samhna ná i n-am an cháithte;
Dá maireadh Mathghamhain, budh rogha léi bás
d'fhagháil,
Is anois ó's fann é, foghailfid m'árus.



3.
Ní raibh go feasach a shamhail i gClár Luirc;
Do sheinneadh cronán chomh binn le cláirsigh;
DO bhréagadh leinbh agus daoine ársa;
Is do thugadh cear uisge go minic chum
Mháire;



4.
Do thugadh an treadhnach isteach ó'n móin
leis;
Do thugadh ó'n sgairt an lon 's an smólach;
Do thugadh an creabhar 's an gabhairín réo
leis,
Is breac ó'n linn, nídh nár dhóigh libh.



5.
Do thugadh an míol muighe isteach ar nóin
leis,
'S an páinteach coinín as goirtín Dhomhnaill,
Na gealbhain tighe as dín an tseomra,
Is an cuaichín binn, a chlaoidh níor mheón
leis.



6.
Do thugadh ó'n móin an mionnán aedhir leis,
An pilibín míog, 's an fhaoileann ghléigeal,
Na cearca fraoich de dhruim an tsléibhe,
Is de'n chéirsigh reimhir do ghníodh a mhéile.



7.
Do bhréagadh go minic an leanbh dob' óige,
Le crónán milis do sheinneadh mar cheól
chrot;
Ba chlisde bheireadh ar imeall a chóta,
D'a tharraing ó'n teinidh, ar eagla a dhóighte.



8.
Is lúthmhar tapa do phreabadh i n-áirde
Ar bharr crainn ubhall, agus tugadh siocán as;
Do thugadh go minic leis lacha nó bárdal,
Feadóigín milis is pitrisg álainn.



9.
Do thugadh go dearbh as barra an chaisleáin
leis
Cága, seabhaic, is druide 'na dtáintibh;
Do thugadh ó'n bhfiorthán na cearca feadha
leis,
Colúir is gearra-ghuirt, re tuilleadh ná
tráchdaim.



10.
Ní raibh a shamhail ar thalamh na Fódla,
Seang-cat dathannach basdalach córach
Tréitheach taitneamhach meanmnach deóraidhe
Leomhanta greannmhar acfuinneach treórach.


L. 135


11.
Ba dheas é a cheann 's a chealltar gleóite,
Ba dheas í a gheannc 's a ghreann féasóige,
Ba dheas a dhroim, 's a chom ba chórach,
'S a mhása teann chomh sleamhain le hómra.



TAGRA.



1. Páinteach .i. duine beag beathuighthe beódha. 2.
airse .i. “arch” beag os cionn claise nó díge. 4. O'n
móin: “ó'n bpáirc” atá sa' sgríbhinn. Sgairt .i.
mothar driseóg. Creabhar .i. woodcock i mBéarla.
Gabhairín reó (nó reótha), jack-snipe. 5. míol muighe
.i. girrfhiadh. 6. Mionnán aeidhir .i. naosg. Pilibín
míog .i. cineál feadóige. 8. Siocán nó seacán .i.
redwing nó fieldfare, éan thig ó'n áird thuaidh sa' bhfuacht.
Pitrisg, partridge. 9. Cá nó cádhóg, jackdaw nó
chough. Fiorthán, féar fada garbh fhásas ar mhóin-
teánaibh. Gearra-guirt, corncrake. 10. basdalach .i.
gearr láidir dheagh-chumtha. Deóraidhe .i. siubhlach. 11.
Cealltar, bathas agus cúl an chinn agus a bhfuil ag fás orra
agus ghá gcumhdach. Geannc .i. srón gheárr agus í casta suas.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services