1.
Is é is ponc ann, nídh ag nach bhfuil páirt
ná méid.
2.
Is é is líne ann, fad gan leitheadh.
3.
Is ponc is fóirimeall do gach líne.
4.
Is é is líne dhíreach ann, líne luigheas go
coimhionann idir a phoncaibh fóirimeallacha.
5.
Fóraghaidh .i. nídh ag a bhfuil fad agus
leithead.
6.
Is línte theóruigheas gach fógraidh
(dromchla).
7.
Is é is dromchla plánálda ann, .i. an nídh
i n-a dtógthar aon dá phonc go luigheann an
líne dhíreach eatorra go hiomlán is-an
dromchla sin.
8.
Cuinne plánálda .i. claonadh dá líne ar
a chéile 'san gclár gcéadna.
Mac Léighinn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11