Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cead Pleanála á lorg ag file

Title
Cead Pleanála á lorg ag file
Compiler/Editor
Ó Cróinín, Dáibhí
Composition Date
1760
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1990)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AG SO CHUIM RUIBIRD NUINSIN



Fáilte agus míle do Ruibeard gheal Naoínsin
'sé seabhac mear gnaoígheal na féile,
tá calma croídhbhuil, gan bhasdul gan chínnteacht,
'sé t'ainmse saoírfhlaith na daonacht.



Aitchim ar Aoísa gur fada gan díth thú
gan sgaipe gan sgaoíle dod ghaoltaibh,
a bhráithir na bhfíorfhlaith do tháinigh go díreach
mar atá fhios ag lucht sgrídhte na Gaodhilge.



An Ghaodhilge do shaoídhfeach mar théirnidh go díreach
an ghéagso go fíormhaith don Réxfhuil,
tá tréitheach gan chínteacht, lán d'éifeacht is d'íntleacht
's is néamhgheal a ghnaoí is a chaobhchneas.



Ní léir dhom ar aoidhonchor mar é aguin sa taoidhiobhso
chuim réighte gach maoíne bhíoch tréithlag,
's ó Léimchon go taoíde dob éachtach do shínsear
'na réidhbhailte a' díonamh na féile.


L. 460


Féile agus fiúntas tá 'n éinfeacht am rúnsa,
daonnacht is ciúineacht is béusa;
'sé an tsaorfhlaith gheal mhúinte is feárr tréithe agus clúmheas
dár léir dhom sa chúige ré chéile.



Níl saorfhuil dá úirde dá thréine nach úrmaith
'tá i ngaodhal isteach dlúth ar mo laochsa,
is mo chéad beannacht lúigim id' aonacht mar chumhdach
's an chraobh agad fúigim tar chéadaibh.



An chraobh agad fágbhuim tar chéudaibh a cClárluirc
a ndaonucht, a ccáilibh 'sa ttréithibh,
a ghéag leabhuir táinigh do laochraibh ab ársath
dár théirnigh ó ardfhuil Mhidhléisius.



Sliocht éachtach na máthar ba tréan seal le námhuid
's is é an buinne an mbeárnuin an bhaoghuil,
is mar déarfach na táinte níl béim a n-aon áit ort
ná éine dhá ttáinigh gach taobh dhíot.



Chuim éirlig do dhíonamh ar chéadaibh dá naoíbhde
dob éachtach do shínsear maith reóbhatsa,
's is éagnach iad sínte ré chéile na taoísig
do léigfeach na fíonta ar na slóighte.



Níl éineach ar aoidhionchor mar é aguin sa taoibhiobhso
chum réidhte gach maoíne bheidheach tréithlag,
's ó Léimchon go taoíde dob éachtach do shínsear
'na réighbhailte a' díonamh na féile.



Fáilte is míle an ghleabhanso dhon tsheabhacso dhon roíghfhuil árd,
Is grádhbhur caoin 's is carthanach 's is fearamhuil 's is fíormhaith cáil,
Na táinte ad chlaoín go bhfeacathar go rathfar maith sa tír le rá,
'S ar ghrásaibh Críosd nár chailliomh thú agus tabhuir dom ceart slíghe
BOTHÁIN.



Domhnall Ó Hichthigheirnn cct.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services