Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nach dtig liom siubhal?

Title
Nach dtig liom siubhal?
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Nach dtig liom siubhal?
An Chraoibhin Aoibhinn cct.



Tá mé ag breathnughadh ar mo ghamhnaibh ag
diúil;
Cia thusa do chuirfeadh mé as mo shéan?
Nach dtig liom siubhal, a's nach dtig liom
siubhal,
Nach dtig liom siubhal ar mo pháirc-se
féin?



Ní rómhad-sa rachad go bráth ar gcúl;
Má's éigin bheith umhal duit, is mór mo
léan:
Muna dtig liom siubhal, muna dtig liom
siubhal,
Muna dtig liom siubhal ar mo pháirc-se
féin.



Is beag mo shuim agus is beag mo dhúil
In do chótha ghorm 's in do chleite éin:
Nach dtig liom siubhal, a's nach dtig liom
siubhal,
Nach dtig liom siubhal ar mo pháirc-se
féin?



Tá an lá ag teacht, mar is léir dom' shúil
Nach mbéidh 'n-ár measg-na bhur leitheid
bréan,
A's béidh cách ag siubhal, a's béidh cách ag
siubhal,
Mar a mbéidh a dhúil a's a mhian-san féin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services