Historical Irish Corpus
1600 - 1926

News of the movement.

Title
News of the movement.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 191


O thárla gur cuireadh ar bun oideachas Gaedhilge i
n-Iol-sgoil Chatoilicigh Uashington, agus gurab ó
Shean-Ord na n-Eireannach do bronnadh go fial
flaitheamhail mór-shuim airgid chum an teagaisg sin do
bhuan-chothughadh do shíor, ar chomhairle an ollaimh
oirmhidnigh Tomás O Seatháin, Dochtúir Diadhachta:



Agus ó 'sé ar mbaramhail agus ar ndóchas daingean
go rachaidh an gníomh sain i dtairbhe d' ár dteangaidh
dhúthchais agus i n-onóir d' ár dtír athardha agus do
Chlannaibh Gaedheal ar fud an domhain:



Dá bhrígh sin, bíodh sé de rún agus de chomhairle
againn, go gcuirimíd ár mbuidheadhas agus ár n-áthas
croidhe i dtuigsin do'n dochtúir oirmhidneach Tomás
O Seatháin, do Shean-Ord na n-Eireannach, agus
d'uachdaránacht na h-Iol-Sgoile Catoilicighe réamh-
ráidhte; agus go ndearbhuighmíd leó nach sinne amháin
acht gach Eireannach díleas deagh-chroidheach ar dhruim
an domhain agus gach líne de mhuintir na h-Eireann 'na
ndiaidh, bheidheas buidheach áthasach ríméadach de'n ghníomh
thíorghradhach sain; go molamaoid leó an togha do
rinneadar, mar atá an tAthair Risteard de Henebsi
do thogha i n-a chéadfhoirceadlaidhe Gaedhilge do'n
chathaoir sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services