Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fhalartha Ghorm. III.

Title
An Fhalartha Ghorm. III.
Author(s)
Mac Sheaghain Bhuidhe, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN FHALARTHA GHORM. - III.



FREAGRA DHIARMUDA AR SHEAGHAN.



Cé tinn le sealad me im' sheanduine lán de chiach,
'S i leigheas mo cheasta gur ghlacas do dhán-sa aniar,
Greim níor blaiseadh le madradh dem' láir-se riamh,
Acht gadhair dob' fhearra 'ná fearchoin árda fiadhain'.



Acht mo threaghad! dá dtagadh an Carthach láidir fial,
Le meadhair tar caladh is gasradh stáit 'na dhiaidh,
Radharc an phaitinn ó Anna 'na láimh i dtriall,
Do bheinn-se i ngradam im' sheanduine shámh 'san iaith.



Cé meirbh im' chois gan rith, gan marcuigheacht mé,
'S gur chreimeadar coin a crut dem' ghlan-tsaoi shaor;
Dar Beircheart duit-se, a fhilidh leath-chaoich léith,
Ní leigfinn di pioc le muic ná maistín féin.



Ceangal.



A Sheaghaín, a chumain, atá ad' fhilidh fa leath-shúil
ghrinn,
'S an dámh-sgoil uile gur ghoireadar "Barún" díot,
Do lámh mar ritheas tar Doruinn tar Bearbha síos,
'S is nár dod' chineadh ná cluinim do' neartughadh shíor.



UILLIAM MAC CURTAIN AN DUNA CCT.
ar éag na Falartha.



Is truagh liom sgéal éachtach mo charad uasail,
An suairc-fhear séimh gléigeal dob' fhearra tuairisg,
A stuaire ghéar, chraosach, mhear, arraid, uaibhreach,
Ag cuallacht éun mbéal-dubh d'á stracadh ar uainibh.



I dTuadh-Mhumhain éigse ní féidir ná glacfaid buaidh-
reamh,
Is duain shaor-shuilt do dhéanamh le searc na suadhadh,
Beidh uaill ghéar-goil gan traochadh aca ar feadh na
dtuathadh,
Ar chruaidh-chéimeannaibh éaga na Falartha uaithne.



Budh luaith-léimeach í ag laoch mear i measg na sluaigh-
teadh,
Cruaidh-bhéimeannach tréanmnhar ag teacht chum ruaige;
Mór-Héctor ní thraochfadh a marcach uasal,
Is buaidh Eireann ar sgéimh-chruth na Falartha uaithne.



O ghealais id' fholtaibh 's dod' rosgaibh nach léir ar
luas,
'S gan caraid dod' fhurtacht noch bhronnas a séada ar
cuaird,
Fear capaill do bhronnadh do'n Ollamh ní léir dam
suas,
Acht faraire an bhrollaigh ghil osgardha, Séamas suairc.



Ceangal.



A Dhia chomhachtaigh! deónuigh tar fairrge ghluis,
Triath cródha sleachta Eoghain i ngradam 'na rith,
I gcliabh órdha faoi fhórsa chum baile 's chum puirt,
An Fhiann leóinte go bhfóirfeadh, tá i n-easbá' 's
mbruid.



Freagra Dhiarmuda.



A fhiail-fhir mhúinte do thionnsgain réidhteach ceast,
Ler' chiach me i gcumhangrach brúighte tréith gan each,
Ler' mhian an cungnamh chughainn, 's d'éist mo stair,
De 'Liam an Dúna ár gcúirt is buidheach ar fad.



Gach cliair-fhear umhal d'ár gcúirt san taobh so theas,
Cé diadha a rún, d'ár súgradh gheillfeadh seal,
I riaghail na n-ughdar gcubhartha gcaomh go glan,
Dia d'á gcumhdac súd gan bhéim 'na reacht.



Uillaim an duna arís:



A shuairc-fhir ealadhan dheachtuigheas briathra suilt,
Is truagh gan phreab í an ghlan-tsaoi riabhach anois;
Is cruaidh an cheasnaidhe i leathtaoibh iarthair luirc,
Tu an uair-seo ag marcuigheacht braimín iasachta.



Freagra Dhiarmuda:



Ar gcuraidhe tréana - lérsgrios! uainn tar sáil,
I gcoinghioll tréith d'fhúig éigse duairc 's dáimh,
Nó i gcoisidheacht mé ní léigfeadh Uaisle Fáil;
Am' Oisín d'éis na Féinne, is truagh mar táim.



Carn Tighearna cct.
ar éag na Falartha.



Is fáthla an teasdas ar charthanacht Iarthair Luirc,
'S go bráth ar phearsanaibh Eagailse biaidh 'na ghuith,
I n-áit na Falartha ar fhaithche na hiarradh spuir
Gan sáir-each ghreanta do thabhairt do ghliadhaire an
tsuilt.



Níor chás dam a aithint ar chaibidil Dhiarmuda
Gur bh'fhánach eatorra an aicme do riaradh truip,
Clann Chárthaigh Chaisil - mo dhaithnid! - i gcian tar
muir,
Fáth na ceasta sá ndeara dho triall n'a chois.



Mar bhárr ar leagadh 's ar leathadh na dtriathadh sain,
'Na n-áit ní fhaicim acht fleasgaigh 's fiadh-bhodaigh,
'S an Bhlárna mhaiseach 'n-ar chleachtuightheach Cliara i
gcion
'Na fásach ceannaigh, d'a stracadh aca siar is soir.



Níor nár dod' shamhail bheith feasda gan rian gan rith
Gan áird gan aiteas gan amharc ar liathadh an fhuilt,
'S ní nár dod' phearsain, ge'r phearsanta an gliadhaire
sibh,
Bheith fánach feacach, ar talamh ag fiaradh indiu.



Is dána an mhaise dhuit seasamh i ndiaidh do luith,
Gan trácht ná taise gan talamh ná tighearna agaibh;
'S mar bhárr ar easgaine an tseanchais, thiar do thuit
Smál an ealta ar Fhalartha Dhiarmuda.



Mo lámh! dá gclaisfeadh an faraire fial so i bhfus
Tasg na Falartha 's marbhna an riadhaire,
Daith de Barraigh go gcaithfeadh dul siar 'n-a rith
Le sáith an Easbuig de chapall chum Diarmuda.



File eigin eile cct.
ar an gcúis gcéadna.



Má's daithnid, má's dochar, má's doiligh, má's tinn
libh-se
An Fhalartha Ghorm fá chonaibh 'na luing bhriste,
Is mairg do'n Ollamh nár chosain na gadhair uirthi,
'S go meastar le Solamh nach moladh go h-adhlacadh.


L. 188


File éigin eile arís.



Is mairg do Dhonnchadh mholas go bladhmannach
An Fhalartha Ghorm nár cuireadh i gcoill ná i gcnoc,
Is faire do bhrostadh 'na fochair go feadhmannach,
Ar eagla a croicinn do stolladh gan adhlacadh.



File eigin eile arís.



Is mairg do'n Ollamh im' fhochair le' ndeimhnighthear
Gur capall gan focal an bonnaire boinn-leathan,
Nár cheannuigh ó'n gclogaire i gCorcaigh a creidhill, d'á
cur
Le gairm an phobail fa chlochaibh d'á hadhlacadh.



Fear leath-shú le brúighte, Diarmuid fann,
At i nglúin an ughdair bhiadhas greann,
'S gan acht súil le siubhal an Iarla anall,
Is measa sú ná an trú ag an bhfiach 'san ngleann.



Eamaonn De Bhal cct.
ar an gcúis gcéadna.



Dá mbeadh Dia le hiathaibh Fáil, dár ndóigh.
'S mar leaghadh thiar na triatha dháileadh stór,
Ní fada bhiadh mo ghliadhaire ag trácht 'san ród
Gan each is srian is diallaid fá n-a thóin.



Is dearbh gur donas do sgolaibh na suadh go bráth
An faraire fortuill, an t-ollamh glan-duan, an dámh,
Gur laguigh a chosa 's na coisid na huaisle a gháir,
Gan capall in' fhochair, mo dhochar an t-Uachdarán!



Is dealbh, is doiligh, is dona 's is cruaidh an cás,
A mharcaigh ba shoilbh i mbothaibh na suadh de ghnáth,
Na claisim chum pobail do rochtain ar chuaird le spás,
'S an Fhalartha Ghorm fá chonaibh 'na hualach cnámh.



A Chríoch sain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services