Ainmnigh ria ccách ceann a ccionn
Raghnall Óg, anam Éireann;
glais niamhdha charcras comha
Marcus, Iarla Aontroma.
A maireann do mhaicne Néill
ná dearmaid duine díbh-séin,
fian Doire fá calma a ccath,
gabhla toighe na Teamhrach.
Roinn mo bheannachta, a bhille,
gan éigceart gan ainneinne
ar fhoirnibh chláir bhonnbháin Bhreadh,
táin go n-orghráin 's go n-imneadh.
Dar bhflaith-ne tabhar tosach,
ó Colla Uais armasach,
bláth bile as fhéile d'fhearaibh,
bile fréimhe Fearadhaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11