Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litir Aniar.

Title
Litir Aniar.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 136


LITIR ANIAR



1. The seasons: geimhreadh ceothach, earrach reodhach,
samhradh grianmhar, fóghmhar breagh biadhmhar.



2. The winds: gaoth andeas, bíonn sí preas(active,
stimulating), a's cuireann sí rath ar shíoltaibh; gaoth
anoir, bíonn sí tiugh(strong, quick), a's cuireann sí
sioc 'san oidhche; gaoth adtuaidh, bíonn sí fuar, a's
cuireann sí fuacht ar dhaoinibh; gaoth aniar, bíonn sí
fiar, a's cuireann sí éisg i líontaibh.



3. The word tiugh is pronounced(tuv).


L. 137


4. Duine éigin do bhí ag machtnamh ar an mbás do
chan an rann so — ó Thadhg úd thuas fuaras-sa an
rann:-



Mo cruatan an t-uaigneas so im' chionn,
Ar chaol-leabaidh chruaidh gan eudach fúm,
An tsluasaid ag bualadh na cré ar mo shúil,
'S nuair a bhuailid, do ghluaisid go léir chum
siubhail.



5. Some verses on the merits of horses of various
colours. Tadhg thuas.



A. Sí an t-each riabhach cliabhach, leathan-láidir, glic,
Ná h-iarrfadh an t-iarann faoi bhárr a chrúib,
Go bhfúigfeadh sí fiadh bliadhna le bárr a rith,
A's faoi a shliatha mac iarla nár nár a chuir(chur).



B. Sí an t-each glégheal ná tréigeann allus a taoibh
'S ná fuil éifeacht in aon-chor do mheathfadh a
croidhe,
Go bhfúigfeadh sí nae n-eunlaithe ar machaire
craoibh,
Agus faolán cois tsléibh a bhuaint (a'va) dho'n
ghaoith.



C. Sí an t-each ruadh luaimneach, árdtreorach,
Ná luaisgfeadh a cuid gruaige le bárr sceófracht,
Go gcualag a tuairisg lan-ghleoite
Gur luaithe í nae n-uaire ná na fáinleóga.



D. Sí an t-each dubh ná measann an púca ar shliabh,
A's a thugadh a bhaile go tapaidh 's go h-úmhal a
srian,
A's go rug sí bárr reatha ó eachaibh na Mumhan' na
diaidh,
O fhág sí Bun-raite go Carraig-a'-tuairín siar.



E. Sí an t-each donn i gcnoc árd dhorcha na gcéim
gcas gcam,
Fiadh cortha dhe is é gabhtha i bhfé go súil



6. An seana-bhuachaill agus an báille. Bhí an
daibhach (diach) agus báille ag siubhal an bhóthair lá.
Dubhairt an báille gur bháille é, agus dubhairt an
buachaill gurabh é an seana-bhuachaill féin é. Agus bhí
oiread fuatha ar dhuine aco s's bhí ar an darna duine
aca. Chuadar trí míle bóthair nó mar sin, go bhfea-
cadar garrún ag rith amach as an dtoigh agus a mháthair
'na dhéidh, agus an ursul 'na láimh aici. “O, go mbeiridh
an diabhach leis tú,” arsa an bhean. Arsa an báille leis
an seana-bhuachaill: “Cad 'na thaobh,” arsa seisean,
“ná beireann tú an garsún leat?” “A,” arsa
seisean, “ní ó 'na croidhe adubhairt sí é.”



D'imthigheadar leo annsin, agus do leanadr míle
nó dhó eile. Chonncadara an toigh beag ar leatthaoibh
an bhóthair, agus gáirdín prátaidhe ar a chúl, agus do
bhí muc 'sa ngáirdín. Do rith páside asteach, “O,”
arsa an páisde le n-a mháthair, “Tá an gáirdín go léir
tógtha ag an muic.” Do bhris an bhean amach, “go
mbeiridh an diabhach an mhuc leis,” arsa sisi. “Cá 'na
thaobh ná beireann tú an mhuc leat?” arsa an báille.
“A,” arsa an seana-bhuachaill, “ní ó 'na croidhe adu-
bhairt sí é sin.”



Do ghluaiseadar leo annsin míle nó dhó eile gur rith
garsún beag amach ar an mbóthar rómpa. “O,
a Mháthair,” arsa an páisde, “so an báille ag
teacht.” “O, go mbeiridh an diabhach leis an báille
sin a mhúirnín,” arsa an bhean. Do lámhuigh an seana-
bhuachaill an báille, “béidh tusa agam,” ar seisean,
“is ó 'na croidhe adubhairt sí sin.” Agus rug sé leis
é, má's fíor an sgeul, acht má tá breug ann, ní mise
dhein suas é.



7. Ingratitude to parents is rare in Ireland, but when
ever it occurred, it was a favourite subject of the old poets.
One old man, being ill-treated by his son and daughter-
in-law, said to the son:-



Do chíorfainn lem' chíor tú go minic sa ló,
Do dhíolfainn a bhuidhe dhuit, an druimfhionn 's a'
chrón,
A's ní íosfainn a' t-im sin, a's tusa os mo chomhair.


L. 138


8. Asked to define what was a sgológ, Tadhg said he
was a “little oul' man, sittin' in the corner, givin' ordhers,
and havin' a great dale to say.” To such a one his son
said:-



Ní dheanfadh prátaidhe a's tobac tusa
Gan snaois a's órdughadh bheith agat.



9. Tómhais éigin í so:- “Triur mac Airt mhic
Aonaigh, d'árduigheadar leo trí tuagha beud-tanaidhe,
cúl-bhearrtha, ag lorg mná da seanathair, seacht
mbliadhna sul a rugadh é.



10. Caoine do dhein file éigin do chaill a mhadra, Hector,



I. Is cásmhar a bhím, ag trácht na slighe,
'S ná feadar caidé críoch mo stródhaire;
'S gur stadas fé shlighe, ag toigh tabhairne an fhíon'
Sealad do bhíos gan mheabhrainn.



II. A's i dtosach an mhí, i dtaca an mheadhóin oidhche,
Seadh do ghluaisigheas le h-ím do'n Bhanndain
A's gur mealladh le draoidheacht mo mhadra óm
thaoibh. Do bheathaigheas gan puinn dho'n hunger.



III. Do bhí Hector im thimceall, am' theagasg, 's am
choinnleacht
'S níorbh eagal dom síog ná samhlacht;
Ba curadh is geach áit é a nglaoidhtí a mháighistir,
I gcasaibh, nó i mbearna an chomhraic.



IV. Níl duine in aon árid do bheurfadh a shás dom
Ná raghainn go toigh an tábhairne ag ól leis,
Do dhíolfainn a tháile go dtí seachtmhain ó
'mbáireach,
A's cead tarraig gan stán ar phorter.



V. Is gasta 's is cruinn a dheineadh sé gach nídh,
A's gan leisge níbhidheadh aon bhróg air;
A's gur chosamhail le draoidheacht mar a tarraigeadh
slinn
Le trucail, aníos ón dtreorainn.



VI. Níorbh eagal dom an cíos, bhí an branar 'gam
i gcrích,
A's gach tasganna dá dtígheadh faoi dhó agam
A's go siubhlóchad san tír, nó caithfead na buinn,
Nó casfad arís mo stródhaire.



There was another verse, of which I could get only
half — it came after verse III.



Do bhí breicíní fhánach 'na chosaibh le breaghthacht
A's 'na leacain do bhí sgáile an ómair.



I believe this is the end of my díoghluim at present,
and as my source of information has returned to San
Francisco, I may not again have an opportunity of seeing
him. I would suggest that a good version of cómhairle
na bárd-sgolóige would be welcome to the readers of
the Journal.



E.O'G.



Prescott, Arizona, U.S.A



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services